Tag: Inis Oirr

Tugann Jessie ceol na hAstráile go hInis Oirr

Tugann Jessie ceol na hAstráile go hInis Oirr

  Beidh ceol agus cultúr iontach i mbéal an phobail in Áras Éanna ar an Dé hAoine beag seo (18 Samhain) nuair a thabharfaidh an t-ealaíontóir Bundúchasach (Aboriginal) Jessie Lloyd amhráin dhúchasacha na hAstráile chuig an amharclann (8in). Is ceoltóir, giotáraí, dord-seinnteoir, agus seinnteoir ukulele ó thrópaicí North Queensland í Jessie, cleachtóir cultúrtha an cheoil...

Mí na Samhna 16, 2022Mí na Samhna 16, 2022
Faigheann Bernadette inspioráid ó Inis Oirr

Faigheann Bernadette inspioráid ó Inis Oirr

le Ciarán Tierney Tá damhsóir atá ag fáil inspioráid ó mhuintir agus ó thírdhreach Inis Oirr le bliain anuas ag óstáil sraith ceardlann le muintir na n-oileán ag am lóin an tseachtain seo chugainn chun a saothar a thaispeáint dóibh. Ghlac Bernadette Divilly inspioráid ollmhór ó Inis Oirr nuair a bhain sí sult as cónaitheacht...

Mí na Samhna 3, 2022Mí na Samhna 3, 2022
Folúntas – Riarthóir Ealaíona Áras Éanna

Folúntas – Riarthóir Ealaíona Áras Éanna

Tá post lán-aimseartha (Buan de réir an Mhaoiniú a bheith ar fáil) mar Riarthóir á thairiscint ag Áras Éanna Teo. Beidh an té a cheapfar lonnaithe in Áras Éanna, Inis Oírr, Oileáin Árann, Co. na Gaillimhe. Is 9.00 r.n. go 5.00 i.n. na huaireanta oibre, cé go mbeidh uaireanta neamh-shóisialta i gceist ó h-am go...

Mí na Samhna 2, 2022Mí na Samhna 2, 2022
Selvage

Selvage

Tá Brú Theatre ag tabhairt seó ildisciplíneach spreagúil nua dar teideal ‘Selvage’ chuig amharclann Áras Éanna ar an Dé Sathairn, 8ú Deireadh Fómhair (8in). Scríofa ag an stiúrthóir ealaíne James Riordan agus arna stiúradh ag Lara Campbell, is imeacht amharclainne é ‘Selvage’ a úsáideann foirmeacha éagsúla de thaibhléiriú beo chun scéal Jo a insint ar...

Tá na cartúnaithe ag teacht ar ais go hInis Oirr

Tá na cartúnaithe ag teacht ar ais go hInis Oirr

le Ciarán Tierney Tá na cartúnaithe ag teacht ar ais don tríú bliain as a chéile. Mar chuid d’Fhéile Cartún na Gaillimhe, beidh taispeántas cartún i nGaeilge ar siúl in Inis Oírr ó thús mí Deireadh Fómhair. Is é seo an tríú taispeántas bliantúil de ‘Tarraing é i nGaeilge’ ar an oileán Gaeltachta. Seolfar an...

Mí Mheán Fómhair 27, 2022Mí Dheireadh Fómhair 3, 2022
Bígí linn ‘beo’ as Inis Oirr anocht

Bígí linn ‘beo’ as Inis Oirr anocht

Murar féidir leat a bheith ar Inis Oirr don Oíche Chultúir, is féidir leat a bheith linn beo ar líne! Tá oíche cheoil thraidisiúnta ar siúl ar Inis Oírr le níos mó ná 15 gceoltóir mná ag taisteal ó theach go teach, damhsa ar ‘An Leic’ agus ag críochnú le ceolchoirm saor in aisce in...

Mí Mheán Fómhair 23, 2022Mí Mheán Fómhair 23, 2022
Tá curach Kathleen ag dul go Corcaigh

Tá curach Kathleen ag dul go Corcaigh

  le Ciarán Tierney Tá ceann de na curacha iontacha lámhphéinteáilte a mheall cuairteoirí go hInis Oirr le linn chomóradh 21ú breithlá Áras Éanna anuraidh ar a bealach go Corcaigh le haghaidh Oíche Chultúir. Bhí ómós Kathleen d’íomhá Harry Clarke de Naomh Gobnait ar taispeáint i séipéal an oileáin i rith an tsamhraidh anuraidh agus...

Mí Mheán Fómhair 20, 2022Mí Mheán Fómhair 20, 2022
Sroicheann Sandra Inis Oirr … ar deireadh!

Sroicheann Sandra Inis Oirr … ar deireadh!

le Ciarán Tierney Thóg sí i bhfad níos faide ná mar a bhí beartaithe aici teacht anseo, ach ní fhéadfadh an t-am a bheith níos fearr do Sandra Heemskerk ón Ísiltír mar gur bhain sí sult as seachtain saoire ar Inis Oirr faoi sholas na gréine an tseachtain seo caite. Bhuaigh Sandra an chéadí  chrannchur...

Mí Mheán Fómhair 20, 2022Mí Mheán Fómhair 20, 2022
Cloch / Stone

Cloch / Stone

Osclófar taispeántas grianghraf leis na healaíontóirí Cormac Coyne (Inis Oirr), Jacqui Devenney Reed (Dún na nGall), agus Hwan Jin Jo (Oileán Jeju, An Chóiré) sa ghailearaí in Áras Eanna Ionad Ealaine tráthnóna inniu. Tagann oscailt an taispeántais (8.30pm) i gcomhthráth le fáilte oifigiúil do ghrúpa de shaoir chloiche ó Oileán Jeju, an Chóiré, agus teachtaí...

Cúirt Cheoil na mBan

Cúirt Cheoil na mBan

Tá oíche cheoil thraidisiúnta den scoth ar siúl ar Inis Oírr le níos mó ná 10 gceoltóir mná ag taisteal ó theach go teach ag damhsa ar ‘An Leic’ agus ag críochnú le ceolchoirm saor in aisce in Áras Éanna. Beidh ceiliúradh ar ról na mban i gceol na hÉireann ag athbheochan na oícheanta sóisialta...

  • 1
  • 2
  • 7