Cónaitheacht

Home / Cónaitheacht
Tacaíocht Áras Éanna

Cónaitheacht d’Ealaíontóirí

Tacaíonn Áras Éanna le healaíontóirí trína gclár ‘Ealaíontóir Cónaithe’. Tugann muid spás agus am d’ealaíontóirí lena gcleachtas a fhorbairt agus bíonn deis acu aon obair nua a thaispeáint i dtimpeallacht ar leith an oileáin Ghaeltachta seo.

Fáiltíonn muid roimh iarratais ó ealaíontóirí teacht agus cónaí agus oibriú ar Inis Oírr agus cuireann muid deich gcónaitheacht míosa ar fáil in aghaidh na bliana. Isteach leis an gcónaitheacht tá árasán príobháideach, stiúideo féinchuimsitheach agus cead isteach chuig an amharclann agus na gailearaithe.

Déan teagmháil linn má tá suim agat níos mó a fháil amach faoi chónaitheacht in Áras Éanna nó cliceáil ar an nasc seo don Glaoch Oscailte do 2024 Deiseanna d’Ealaíontóirí Cónaithe do 2024 – Áras Éanna (aras-eanna.ie)

  • 1
  • 2