
Tionscadal faoin bPlassey
PREASRÁITEAS Tionscadal faoin bPlassey – Iúíl & Lúnasa Chruthaigh Keith Wallace, ceoltóir agus ealaíontóir atá lonnaithe i nGaillimh, ‘The Plassey Project’. Tionscadal é faoi longbhriseadh an MV Plassey i Márta 1960 agus an chaoi ar tharrtháil na hoileánaigh an criú. Is fuaimrian é an ‘Plassey Project’ lena dtéann scannán seachas scannán ar cuireadh fuaimrian leis. Ba le linn cónaitheacht ar Inis Oírr a tógadh míreanna an scannáin, déanadh taifid taobh amuigh ag suíomh an Plassey agus nascadh isteach iad leis an bhfuaimrian muirí a bhí cumtha, seinnte agus taifeadta ag Wallace (seinneann sé ceol faoin ainm Loner Deluxe). Trí chomhcheangal...

Áras Éanna ag Comóradh 25 Bliain de Mhalartú Ealaíne agus Inspioráid Oileáin
PREASRÁITEAS Áras Éanna ag Comóradh 25 Bliain de Mhalartú Ealaíne agus Inspioráid Oileáin Inis Oírr, Co. na Gaillimhe – An samhradh seo, tá Ionad Ealaíon Áras Éanna ag ceiliúradh 25 bliain ag feidhmiú mar mhol cruthaitheach uathúil ar an oileán is lú d’Oileáin Árann. Nuair a thosaigh Áras Éanna amach sa mbliain 2000 bhí siad ina dtionscadal measartha beag ach tá dul chun cinn mór déanta acu ó shin agus iad anois ina n-ionad aitheanta náisiúnta d’amharc-ealaíona, léirithe agus cónaitheachtaí d’ealaíontóirí – ag tarraingt lucht ealaíon as gach coirnéal d’Éirinn agus den domhan chuig timpeallacht spreagúil Inis Oírr....

Glao Oscailte Ionad Ealaíon Áras Éanna 2026
Is é Áras Éanna an t-ionad ealaíon is faide siar san Eoraip, lonnaithe ar oileán beag Gaeltachta Inis Oírr i gCo. na Gaillimhe. Tacaíonn an t-ionad le healaíontóirí trína chlár Ealaíontóir Cónaithe. Cuirtear an t-am agus an spás ar fáil d’ealaíontóirí a gcleachtas a fhorbairt agus saothar nua a thaispeáint i dtimpeallacht uathúil an oileáin seo, ina bhfuil daonra de thart ar 300 duine. Éascaímid suas le 40 cónaitheacht (cúpla ceann acu ar Inis Meáin in aice láimhe) gach bliain trínár nglaoch oscailte agus ár gcomhpháirtíochtaí. Is iontach álainn é an oileán seo atá lonnaithe ar chósta iarthar na hÉireann...

Riarthóir Ealaíon lánaimseartha d’Áras Éanna
Riarthóir Ealaíon d’Áras Éanna Tá Ionad Ealaíon Áras Éanna ag lorg Riarthóir Ealaíon lánaimseartha. Is deis iontach atá anseo oibriú ar oileán álainn Inis Oírr. Beidh ardchaighdeán Gaeilge agus Béarla, idir scríofa agus labhartha, ardscileanna ríomhaireachta, taithí i gcúrsaí riaracháin agus suim ins na healaíona ag an té a cheapfar. Tá foirm iarratais agus tuilleadh eolais ar fáil ach ríomhphost a sheoladh chuig riarthoir@aras-eanna.ie Is é an dáta deiridh chun d’fhoirm iarratais agus litir iarratais a sheoladh chuig riarthoir@aras-eanna.ie ná An Aoine 16 Bealtaine 2025 ag 17.00i.n. Tabharfar cuireadh d’iarrthóirí ar an ngearrliosta freastal ar agallamh ar an Luan 26...

Fáilteoir á lorg tríd an Scéim Sóisialta Tuaithe
Fáilteoir á lorg ag Áras Éanna tríd an Scéim Sóisialta Tuaithe • Feitheoireacht a dhéanamh ar na taispeántais agus imeachtaí de réir mar is gá. • Plé le fiosruithe ó chuairteoirí agus ealaíontóirí ó thaobh taispeántais, imeachtaí agus clár ealaíona Áras Éanna. • Cúnamh ginéaralta a chur ar fáil ag imeachtaí (caifé, beár, fáilteachas, réiteach an amharchlann, glanadh) • Tacaíocht margaíochta – dáileadh bileoga agus póstaeir ar an oileán. • Áras Éanna a oscailt agus a chuir faoi ghlas ó am go chéile. Beidh Áras Éanna tuiscineach agus soblúbtha maidir le uaireanta agus laethanta oibre. Is post ar an Scéim...

Glaoch Oscailte ar ealaíontóirí Chontae na Gaillimhe
Glaoch Oscailte ar ealaíontóirí Chontae na Gaillimhe iarratas a dhéanamh ar chónaitheacht do mhí Lúnasa in Áras Éanna, Inis Oírr. Tá áthas ar Áras Éanna agus Oifig Ealaíon Comhairle Chontae na Gaillimhe glaoch oscailte a fhógairt d’ealaíontóirí Chontae na Gaillimhe cur isteach ar chónaitheacht do mhí Lúnasa. Is é Áras Éanna an t-ionad ealaíon is faide siar san Eoraip, lonnaithe ar oileán beag Gaeltachta Inis Oírr, i gContae na Gaillimhe. Tacaíonn an t-ionad le healaíontóirí trína chlár Ealaíontóirí Cónaithe. Cuirimid an t-am agus an spás ar fáil d’ealaíontóirí a gcleachtas a fhorbairt agus saothar nua a thaispeáint i dtimpeallacht uathúil...

HUP! Féile an Phobail – Inis Oírr
An Aoine 7:30 i.n Seoladh na Féile – Áras Éanna Gearrscannáin x 3 ‘Éad’ le hIdirbhliain 2024, ‘An Oileán’ le Amy Sharry ‘Barracuda’ le Ferdia Mac Eoin Q & A le Ferdia agus Amy ina dhiaidh ‘Pórtráidí’ – taispeántas grianghrafadóireachta le muintir Inis Oírr Seoladh na Féile: Amy Sharry 10i.n Seisiún Ceoil Tigh Ned An Satharn • 10:30r.n Ceardlann Sorcais (0-13) le Juggle.ie – Halla • 1 i.n Aifreann & Cupán Tae – Séipéal • 1:30i.n Ceardlann Sorcais (Déagóirí) – Halla • 2:15i.n. ‘Lán Scamhóg den Anáil’ Dánta Beaga Bídeacha & Ceol Nua-Chumtha – Dánta beaga bídeacha le Mathilda Buche...

Tionscadal Pat Coleman Scríbhneoir Cónaithe Éiritheach
Tá ríméad ar Áras Éanna Arts Centre, Inis Oírr agus Oifig Ealaíon Chomhairle Cathrach na Gaillimhe an tionscadal Pat Coleman Scríbhneoir Cónaithe Éiritheach a fhógairt a thugann ómós do Pat, carachtar agus cara iontach do mhuintir na Gaillimhe Cónaitheacht trí seachtaine a bheidh ann i mBealtaine 2025. Gheobhaidh an t-iarratasóir rathúil na nithe seo a leanas: • Bus agus bád farantóireachta ó Chathair na Gaillimhe go hInis Oírr & ar ais. • Cóiríocht féinfhreastail ar feadh thréimhse na cónaitheachta • Stipinn €2,000 • Spás stiúideo in Ionad Ealaíon Áras Éanna • Ceardlanna meantóireachta Chun iarratas a dhéanamh, is gá don...

Clár Cruthaitheachta do Chlubanna Óige
Tugtar cuireadh duit freastal ar: Seoladh Clár Cruthaitheachta do Chlubanna Óige Seoladh agus taispeántas do Chlár Cruthaitheachta do Chlubanna Óige, 7ú Márta, 2025 @ 1:00i.n, Áras Éanna Ionad Ealaíne, Inis Oírr. Tá Comhpháirtíocht Áitiúil Óige Ildánach GRETB agus Muintearas Teo ag comhoibriú le chéile mar chomhpháirtithe straitéiseacha seachadta cruthaitheacha chun tacú le healaíontóirí, oibrithe deonacha agus éascaitheoirí cruthaitheacha chun deiseanna faoi stiúir an aosa óig a fhorbairt do leanaí agus daoine óga cruthaitheacha, trí chlubanna óige faoi stiúir oibrithe deonacha fud fad cheantar Gaeltachta Chonamara. Cuirfear taispeántas ar siúl in éineacht le seoladh an tionscnaimh úr...
