Loading Events

« All Events

  • This event has passed.

Cloch / Stone

Mí Mheán Fómhair 15, 2022 @ 8:30 pm - Mí Mheán Fómhair 25, 2022 @ 4:00 pm

Free
Grianghraf le Hwan Jin Jo (Oileán Jeju, An Chóiré).

Osclófar taispeántas grianghraf leis na healaíontóirí Cormac Coyne (Inis Oirr), Jacqui Devenney Reed (Dún na nGall), agus Hwan Jin Jo (Oileán Jeju, An Chóiré) sa ghailearaí in Áras Eanna Ionad Ealaine tráthnóna inniu.

Tagann oscailt an taispeántais (8.30pm) i gcomhthráth le fáilte oifigiúil do ghrúpa de shaoir chloiche ó Oileán Jeju, an Chóiré, agus teachtaí ón Irish Korean Stone Culture Art Exchange 2022 go hInis Oirr d’fhéile Fhéile na gCloch atá ar siúl ar an oileán ar an deireadh seachtaine seo.

Ó thús na sibhialtachta tá leideanna fágtha ag ár sinsear trí shnoíodóireacht agus tá áthas ar Áras Éanna fáilte a chur roimh deichniúr saoir cloiche ón gCóiré chuig an ionad ealaíon tráthnóna inniu.

Tá lúcháir ar Ionad Ealaíne Áras Éanna, Inis Oírr, na grianghrafadóirí iontacha seo as Inis Oirr, Dún na nGall, agus an Chóiré a choimisiúnú le taispeántas a chur ar fáil ag ceiliúradh na cloiche.

Ba é an treoir a bhí acu don taispeántas seo ná focal amháin ‘Cloch’.

Beidh ceoltóirí áitiúla i mbun ceoil beo ag an ionad ealaíon don seoladh. Tá cuireadh oscailte ag gach éinne a bheidh i láthair ag Féile na gCloch agus ag aon duine ar Inis Oirr a bheith i láthair sa ghailearaí tráthnóna inniu.

Leanann an taispeántas ar aghaidh go dtí Dé Domhnaigh, 25ú Meán Fómhair (11rn to 4in, seachas Dé Luain).

Grianghraf le Jacqui Devenney Reed (Dún na nGall)

 

Grianghraf le Cormac Coyne, Inis Oirr.

https://aras-eanna.ie/en/project/cormac-coyne-inis-oirr-in-lockdown/

Details

Start:
Mí Mheán Fómhair 15, 2022 @ 8:30 pm
End:
Mí Mheán Fómhair 25, 2022 @ 4:00 pm
Cost:
Free
Event Categories:
, ,
Event Tags:
, , , , , , , ,

Venue

Áras Éanna