Tá na cartúnaithe ag teacht ar ais go hInis Oirr

Tá na cartúnaithe ag teacht ar ais go hInis Oirr

le Ciarán Tierney

Tá na cartúnaithe ag teacht ar ais don tríú bliain as a chéile.

Mar chuid d’Fhéile Cartún na Gaillimhe, beidh taispeántas cartún i nGaeilge ar siúl in Inis Oírr ó thús mí Deireadh Fómhair. Is é seo an tríú taispeántas bliantúil de ‘Tarraing é i nGaeilge’ ar an oileán Gaeltachta.

Seolfar an seó go oifigiúil in Áras Éanna ag 5:30 i.n. ar an Máirt, 4 Deireadh Fómhair, agus leanfaidh sé ar aghaidh go dtí an tSathairn, 9 Deireadh  Fómhair.

Cuirfidh an taispeántas raon leathan de stíleanna agus éagsúlacht ábhair ó chartúnaithe ar fud na hÉireann agus fiú amháin thar lear os comhair an phobail.

Tá saothar de chuid ealaíontóirí a bhfuil a saothar foilsithe go hidirnáisiúnta le feiceáil, ar a n-áirítear Mark Wickham, Tom Mathews, Graeme Keyes agus Mike McCarthy.

Chomh maith leis sin, chaith an cartúnaí Aongus Ó Coileáin (‘Scratch’) seal in Áras Éanna mar ealaíontóir cónaithe agus cartúin tráthúla á dtarraingt aige i nGaeilge.

Ag an am céanna, beidh taispeántas iardhearcach de shaothar an cartúnaí Tom Mathews ar siúl in Áras Éanna. ‘Still Crazy After All These Years’ is teideal don seó, ceiliúradh ar 70ú breithlá an cuairteoir rialta seo go hInis Oírr.

Ina theannta sin, beidh ‘Re-Joyce’, ceiliúradh físiúil de James Joyce le healaíontóirí as gach cearn d’Éirinn, ar siúl inár ngailearaí.

Beidh iar-Oifigeach Ealaíon Chathair na Gaillimhe, James C. Harrold, in éineacht le Tom Mathews chun trí thaispeántas a sheoladh tráthnóna Dé Máirt.

Beidh ‘Draw On The Wall’ mar chuid den imeacht freisin, líníocht “beo” ó ealaíontóirí atá ag teacht amach chuig an oileán don seoladh, le ceol síos i dTigh Ned tar éis na hócáide.

 

Tom Mathews “ag obair” i dTigh Ned 

Cartún le Aongus Collins, ealaíontóir cónaithe 2022 ag Aras Eanna. 
Caomihe Lavelle ag glacadh páirte i ‘Draw On The Wall’ ag Áras Éanna i 2021.