Tá ríméad ar Áras Éanna, i gcomhpháirtíocht le hEalaín na Gaeltachta tríd an gclár Lánú, atá á mhaoiniú ag Comhlacht Cultúir na Gaillimhe, cónaitheacht chomhoibritheach idirnáisiúnta trí seachtaine a fhógairt d’ealaíontóir Gaeltachta agus d’ealaíontóir idirnáisiúnta i 2026 ar an oileán álainn, Inis Oírr. Beidh an chónaitheacht seo ar siúl ar feadh trí seachtaine idir 13ú Aibreán agus an 1ú Bealtaine 2026, agus tá sí oscailte d’aon réimse ealaíne. San áireamh sa chónaitheacht:
- Ticéad fillte bád farantóireachta ó Ros an Mhíl (Co. na Gaillimhe)
- Stipinn €1,000 don bheirt ealaíontóirí, mar aon le liúntas taistil €200 don ealaíontóir idirnáisiúnta
- Lóistín ar Inis Oírr don tréimhse chónaitheachta do na healaíontóirí a roghnófar
- Spás stiúideo ag Ionad Ealaíne Áras Éanna le linn na cónaitheachta
Chun iarratas a dhéanamh ar an gcónaitheacht, líon isteach an fhoirm iarratais atá ceangailte leis an bhfógra seo agus seol í, mar aon le dhá CV ealaíne agus cúig shampla oibre, chuig lanu@aras-eanna.ie.
Toisc go mbeidh comhoibriú i gceist leis an chónaitheacht seo, iarrtar ort míniú a thabhairt ar an bhfoirm maidir le cén chaoi a n oireann tú don chónaitheacht seo. Is é an dáta deiridh d’iarratais an 19 Nollaig 2025. Cuirfear fógra ar na hiarrthóirí rathúla roimh Dé hAoine, an 16 Eanáir 2026. Maoinithe le tacaíocht ó Ealaín na Gaeltachta tríd an gclár Lánú, atá á mhaoiniú ag Comhlacht Cultúir na Gaillimhe.

