Ceardlanna

Home / Ceardlanna

Ceardlanna

Ranganna Ealaíne

Cuireann Áras Éanna ranganna ealaíne sa bpéintéireacht agus sa líníocht ar fáil uair sa tseachtain gach Luan ón 18 Samhain ag 8i.n. Dírítear sna ranganna ar líníocht bhreathnaitheach ar dtús agus as sin ar úsáid dathanna agus péintéireacht. Bíonn taispeántas d’obair ranganna seachtainiúla na sé mhí le feiceáil crochta sa nGailearaí go deireadh an Aibreáin.

 

An Club Ceamara

Tagann an club ceamara le chéile le heolas fótagrafach a roinnt agus a fhoghlaim. Le cur lenár stór eolais socraíonn muid turais scaití go dtí áiteacha san oileán, bíodh sin le pictiúir breátha a fháil den Atlantach nó le pictiúir a thógáil san oíche. Tagann aoi-ghrianghrafadóirí ar cuairt againn agus déanann ceardlanna lenár gclub. Casann an club ceamara le chéile anois is arís idir Deireadh Fómhair agus Márta.

SÚP AGUS SÓP

ón 11go 17 Eanáir 2020 agus lá roimhe sin le réiteach dó.

Seachtain craic agus comhoibrithe le beirt de chuid Ros na Rún – Sorcha Fox, scríbhneoir scripte agus aisteoir agus Marie Bheag Breathnach, aisteoir .

Is sobaldhráma laethúil agus beo a bhéas i gceist, beidh na carachtair agus na scéalta á gcruthú ag an bhfoireann (aisteoirí aitheanta/aisteoirí nua agus daoine san oileán  ar  spéis leo seit/feisteas/fearas stáitse)

Teastóidh lá ar dtús le casadh le chéile le fáil amach cé aige a bhfuil suim sna gnéithe éagsúla agus le liosta carachtar a dhéanamh amach – mar obair bhaile ansin féachfar le  theacht suas le háiteacha agus téamaí feiliúnacha.

Ar an gcéad lá (an Satharn, 11 Eanáir 2020) tabharfar na smaointe ina chéile, an oíche sin ansin réiteoidh Sorcha agus Marie Bheag snáithe scéil eipeasóid a haon,  le cuntas gearr ar gach radharc.. An lá dár gcionn cleachtfaidh an grúpa an píosa ar maidin agus cuirfear i láthair  beo ar an stáitse ag am lóin é chúns bhéas an lucht féachana ag slogadh anraith!   Tar éis an tseó glacfaidh muid  aiseolas ón lucht féachana faoin rud a thaitneodh leo a tharlódh  sa gcéad ‘eipeasóid’ eile , tabharfar an scéal ina chéile an oíche sin agus déanfar an rud céanna ó thús go deireadh an lá dár gcionn.

Is éard a theastóidh ná grúpa dúthrachtach, a bhéas toilteanach casadh le chéile roimh an tseachtain atá i gceist, a bhéas réidh le tabhairt faoi roinnt tobchumadóireachta, ruaille buaille agus craic agus a bhéas ar fáil don tseachtain uilig.

Click here to change this text