Tá áthas ar Áras Éanna deiseanna d’Ealaíontóirí Cónaithe a fhógairt do 2024. Is é Áras Éanna an t-ionad ealaíon is faide siar san Eoraip, atá suite ar Inis Oírr, oileán beag Gaeltachta, i gContae na Gaillimhe. Tacaíonn an t-ionad le healaíontóirí trína chlár Ealaíontóirí Cónaithe. Cuirimid an t-am agus an spás ar fáil d’ealaíontóirí chun...