Loading Events

« All Events

  • This event has passed.

Selvage

Mí Dheireadh Fómhair 8, 2022 @ 8:00 pm - 9:00 pm

€5

Tá Brú Theatre ag tabhairt seó ildisciplíneach spreagúil nua dar teideal ‘Selvage’ chuig amharclann Áras Éanna ar an Dé Sathairn, 8ú Deireadh Fómhair (8in).

Scríofa ag an stiúrthóir ealaíne James Riordan agus arna stiúradh ag Lara Campbell, is imeacht amharclainne é ‘Selvage’ a úsáideann foirmeacha éagsúla de thaibhléiriú beo chun scéal Jo a insint ar stáitse.

Feidhmíonn Riordan sa seó dorcha, ach áthasach, seo faoi imní nua-aimseartha a réiteach.

Le puipéadóireacht, scríbhneoireacht nua agus gluaiseacht córeagrafach, beidh ceol beo ón gceoltóir agus ón gcumadóir Anna Mullarkey san áireamh freisin.

Tá ‘Selvage’ ag teacht go hInis Oirr mar chuid de chamchuairt náisiúnta a bheidh ar siúl in ocht n-ionad. Díol an séo seo amach i nGaillimh i 2019.

Ainmníodh an seó do dhá Ghradam Amharclannaíochta an Irish Times in 2020, lena n-áirítear an Aisteoir is Fearr do James Riordan agus Soilsiú is Fearr do Sarah Jane Shiels.

Bru Theatre were the first theatre company to perform here at Áras Éanna after the lifting of Covid 19 restrictions last year, when they staged the sold out virtual reality ‘Ar Ais Arís’ show outdoors, and we are delighted to welcome them back to our theatre.

Ba iad Brú Theatre an chéad chompántas téatair a léirigh anseo in Áras Éanna tar éis srianta Covid 19 a mhaolú anuraidh, nuair a chuir siad an seó réaltachta fhíorúil ‘Ar Ais Arís’ ar stáitse amuigh faoin aer, agus tá an-áthas orainn fáilte a chur rompu ar ais chuig ár amharclann.

Níl cead isteach ach €5 ar an doras.

Details

Date:
Mí Dheireadh Fómhair 8, 2022
Time:
8:00 pm - 9:00 pm
Cost:
€5
Event Categories:
,
Event Tags:
, , , , , ,

Venue

Áras Éanna