Bígí linn ‘beo’ as Inis Oirr anocht

Bígí linn ‘beo’ as Inis Oirr anocht

Murar féidir leat a bheith ar Inis Oirr don Oíche Chultúir, is féidir leat a bheith linn beo ar líne!

Tá oíche cheoil thraidisiúnta ar siúl ar Inis Oírr le níos mó ná 15 gceoltóir mná ag taisteal ó theach go teach, damhsa ar ‘An Leic’ agus ag críochnú le ceolchoirm saor in aisce in Áras Éanna.

Beidh ceiliúradh ar ról na mban i gceol na hÉireann ag athbheochan na oícheanta sóisialta ceoil, amhránaíochta agus damhsa a bhíodh ar siúl go traidisiúnta i dteaghlaigh ar an oiléan fadó. Cuirfear fáilte roimh bhaill den lucht éisteachta chuig cistineacha teaghlaigh I gceithre cinn de shráidbhailte an oileáin agus na ceoltóirí ag déanamh a mbealach go hÁras Éanna.

Beidh ceoltóirí agus amhránaithe as Inis Oírr in éineacht le mná a thugann cuairt go minic ar an oileán. I measc na gceoltóirí beidh Aimee Farrell Courtney (bódhrán), Aisling Parslow (fidil), Ashley O’Toole (rinceoir), Áine O’Brien (ukulele), Brona Graham (banjo), Bríd Ní Chualáin (feadóg íseal), Ceara Conway (amhránaí), Isobel Donnery (bodhrán), Hannah Ní Chonghaile (consairtín), Lasairfhíona Ní Chonaola (amhránaí), Leona McKenna (feadóg), Marion McEvoy (mandolin & giotár), Róisín Ní Dhomhnaill (amhránaí & feadóg), Saoirse Grady (fidil), Úna Ní Fhlannagáin (cláirseach) agus tuilleadh fós le fógairt.

Beidh Oíche Chultúir ar Inis Oirr “beo” ar ár leathanach Facebook ó 5in ag https://www.facebook.com/ArasEannaIonadEalaine agus Instagram, @araseanna.

5.00i.n. Tigh Oonagh Keane, Baile an Fhormna

5.45i.n. Tigh Ghráinne & Míchéal (Teach Mac Ned), Baile an Chaisléain

6.30 i.n. Tigh Mhaggie, Baile an tSéipéil

7.15i.n. Damhsa ar ‘An Leic’ (má cheadaíonn an aimsir)

8:00i.n. Tigh Chloe, Baile Thiar

9.30i.n. Áras Éanna, Baile an Lúrgáin

Is é an Chomhairle Ealaíon i gcomhpháirtíocht le Comhairle Chontae na Gaillimhe a thugann Oíche Chultúir. Tá an ócáid seo maoinithe trí An Roinn Tuarsóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt and Meán Scéim um Chlárú Léirithe Beo Áitiúla.