Crannchur – Éalú Draíochtach
https://www.idonate.ie/raffle/araseanna2026
Tapaigh do dheis le 5 oíche dhraíochtach do cheathrar ar an oileán Gaeltachta inspioráideach, Inis Oírr, a bhuachan. Is é Inis Oírr an t-oileán is lú de thrí Oileán Árainn, oileán sciamhach le radharcanna gleoite ar an mBoirinn, Aillte an Mhothair, Conamara, agus Inis Meáin siar uainn. Cibé cé a bhuafaidh an comórtas seo beidh an t-ádh leo mar go bhfuil duaiseanna iontacha bronnta ag gnólachtaí áitiúla ar Áras Éanna don chomórtas seo
An Chéad Duais
- Cúig oíche féinfhreastail do cheathrar i dteach ar Inis Oírr, ón Máirt 1 Meán Fómhair go dtí an Domhnach 6 Meán Fómhair 2026.
- Ticéad fillte x4 as Ros an Mhíl go hInis Oírr
- Dearbhán €100 do Shiopa XL, Inis Oírr
- Dearbhán €100 do Aran Seaweed Baths and Spa
- Dinnéar x4 i dTigh Ruairí
- Dinnéar in Óstán Inis Oírr
- Lón x4 i dTigh Ned
- Lón (nó picnic) x4 Teach an Tae
- Sceitseáil Peann Luaidhe/Ghualaigh le Dara McGee
- Turas Capall agus Cairt go dtí an Plassey
An Dara Duais
Pictiúr den Plassey le Philip Jacobsen. Tá an pictiúr iontach seo a rinne Philip den Plassey péinteáilte ar phíosaí smionagair miotal ón bPlassey féin. Bhí taispeántas iontach ag Philip i nGailearaí Áras Éanna in 2023 inar úsáid sé na píosaí smionagair miotal mar chanbháis. Is fiú €800 an duais seo.
