Image: Precipice Oil on canvas 2018 Tá Selma Makela lonnaithe i gCo. na Gaillimhe. Díríonn a cleachtas ar ábhair iontais mheitéareolaíocha agus geolaíocha chun castacht cuimhne, imirce agus ár dtimpeallacht athraitheach a scrúdú. Ag obair di le péint, déanamh priontaí agus le deireanas obair shuíomhoiriúnaithe, scrúdaíonn sí nádúr gearrshaolach agus neamhbhuan shaol an duine nuair...
Archives: Projects
Lúnasa 2019: Margot Quinn
Taispeántas d’obair Margot faoi ghnáthrudaí laethúla agus d’fhéadfadh rud ar bith a bheith ann ó charnán soithigh le níochán go mainicíní ait nó ceannlíne nuachtáin.
Iúil 2019: Comh-Ealaíontóirí Mhacnas, An Criú 2
An Criú 2’ – Taispeántas d’obair ealaíne crosdhisciplíneach gan téama, gan dóigh, gan cuspóir, dealbhóireacht agus péintéireacht, físeán agus fuaim, rudaí móra agus rudaí beaga, istigh agus amuigh, thart ar Áras Éanna agus thart timpeall oileán Inis Oírr. Is 25 ealaíontóir, dream ar iondúil leo oibriú le Macnas, cuideachta léiriú sráide as Gaillimh, a chruthaigh...
Meitheamh 2019: Mick O’Dea ‘Landscapes’
Tá cáil ar Mick mar phéintéir portráidí agus daoine stairiúla, fear a raibh go leor taispeántas idirnáisiúnta aige agus ar bronnadh go leor gradam air. Le linn Meitheamh beidh taispeántas de chuid dá chuid oibre in Áras Éanna agus i Meán Fómhair beidh sé arís ann mar Ealaíontóir Cónaithe.
Bealtaine 2019: Ealaíontóirí Inis Oírr
Meascán obair ealaíne ó Cheardlanna Ealaín Geimhridh Inis Oírr.
Meitheamh 2019: Sarah Searson
Is í Sarah Searson, ealaíontóir cónaithe mhí an Mheithimh, stiúrthóir ‘An Dock’ i gCora Droma Rúisc.
Bealtaine 2019: Kate Boschetti & Liam Wilson, “Place & Identity”
Is tríd an tionscadal ‘Dodai’ a chas na lámhchleasaithe Kate Boschetti agus Liam Wilson ar a chéile, seo seó lámhchleasaíochta, rince agus drámaíochta a stiúir an lámhchleasaí Gearmánach Stefan Sing (Critical Mess).






