Tionscadal faoin bPlassey
PREASRÁITEAS
Tionscadal faoin bPlassey – Iúíl & Lúnasa
Chruthaigh Keith Wallace, ceoltóir agus ealaíontóir atá lonnaithe i nGaillimh, ‘The Plassey Project’. Tionscadal é faoi longbhriseadh an MV Plassey i Márta 1960 agus an chaoi ar tharrtháil na hoileánaigh an criú. Is fuaimrian é an ‘Plassey Project’ lena dtéann scannán seachas scannán ar cuireadh fuaimrian leis.
Ba le linn cónaitheacht ar Inis Oírr a tógadh míreanna an scannáin, déanadh taifid taobh amuigh ag suíomh an Plassey agus nascadh isteach iad leis an bhfuaimrian muirí a bhí cumtha, seinnte agus taifeadta ag Wallace (seinneann sé ceol faoin ainm Loner Deluxe). Trí chomhcheangal an fhuaimriain leis na píosaí scéalaíochta insítear scéal mór na heachtra seo a tharla 65 bliain ó shin amach ó chósta fiáin agus gaofar iarthar na hÉireann.
Eachtra dodhearmadta, hiopnóiseach agus tumthach. Osclaíonn an ‘Plassey Project’ doras chuig an am atá imithe. Léirítear brú agus tarraingt na taoide i scéalaíocht shonach an fhuaimriain – na foinn ar nós cód Morse, ag ardú agus ag sleamhnú, an long agus an gusta agus meirg. Déanann an soitheach folamh seo torann.
Seolfar taispeántas an scannáin ealaíne closamhairc seo (23 nóiméad) in Áras Éanna, ar Inis Oírr – an tIonad Ealaíon is faide siar san Eoraip, ar an 4 Iúil 2025 agus ina dhiaidh sin taispeánfar é ar feadh dhá mhí.
Buíochas le Comhairle Ealaíon na hÉireann, Éire Ildánach agus Áras Éanna a chuir tacaíocht ar fáil don scannán.
Beidh sé á sheoladh ar an Aoine 4 Iúil ag 2pm in Áras Éanna

