Project Category: Taispeántais

Home / Taispeántais
Picture of an Island with green fields and dry stone walls.

An t-Oileán Ciúin

Scannán gearr le Cormac Coyne, á thaispeáint ó Iúil go Meán Fómhair. An ceol cumtha agus á sheinm ag Máirtín O’Connor Is grianghrafadóir agus físghrafadóir é Cormac Coyne atá ina chónaí in Inis Oírr le fada agus tá an-suim aige gach cuid de shaol an oileáin a thaifeadadh. Choimisiúnaigh Áras Éanna é chun scannán gearr...

Painting by Noreen Meenan

Péintéirí Oileán Thoraí

Ar siúl ó Iúil go mí Meán Fómhair. Tá oileán álainn agus garbh Thoraí suite 11km amach ó chósta thiar thuaidh Cho. Dhún na nGall. Oileán Gaeltachta é (Gaeilge a dteanga labhartha) lena mbaineann go leor staire agus miotaseolaíochta. Tá scoil phéintéireachta Thoraí lonnaithe ansin. Théadh an t-ealaíontóir cáiliúil Derek Hill (1916-2000) ar cuairt chuig...

Cecilia Danell

Áras Éanna@25 Amharc-Ealaín

Áras Éanna ag Comóradh 25 Bliain de Mhalartú Ealaíne agus Inspioráid Oileáin Inis Oírr, Co. na Gaillimhe – An samhradh seo, tá Ionad Ealaíon Áras Éanna ag ceiliúradh 25 bliain ag feidhmiú mar mhol cruthaitheach uathúil ar an oileán is lú d’Oileáin Árann. Nuair a thosaigh Áras Éanna amach sa mbliain 2000 bhí siad ina...

Tionscadal faoin bPlassey – Iúíl & Lúnasa

Tionscadal faoin bPlassey – Iúíl & Lúnasa

Chruthaigh Keith Wallace, ceoltóir agus ealaíontóir atá lonnaithe i nGaillimh, ‘The Plassey Project’. Tionscadal é faoi longbhriseadh an MV Plassey i Márta 1960 agus an chaoi ar tharrtháil na hoileánaigh an criú. Is fuaimrian é an ‘Plassey Project’ lena dtéann scannán seachas scannán ar cuireadh fuaimrian leis. Ba le linn cónaitheacht ar Inis Oírr a...

Athluchtú – Taispeántas Dealbhóireachta

Athluchtú – Taispeántas Dealbhóireachta

Athluchtú / Recharge Anna Macleod 12 Aibreán – 9 Bealtaine 2025. Eascraíonn obair an taispeántais seo as cónaitheacht 6 seachtaine a rinne Anna Macleod in Áras Éanna, Inis Oírr, i bhFeabhra na bliana 2020. Aimsir stoirmiúil a bhí ann ag an am, cúpla seachtain roimh chéad dhianghlasáil Covid ar an 27 Márta. Maidir lena cuid...

Síreacht agus Sult   12 – 31 Deireadh Fómhair

Síreacht agus Sult 12 – 31 Deireadh Fómhair

Beidh taispeántas ag an ealaíontóir cónaithe damhsa, Bernadette Divilly, i gcomhar leis an amharc-ealaíontóir grianghrafadóireachta Cormac Coyne in Áras Éanna i mí Dheireadh Fómhair 2024. Seolfaidh an tOllamh Ríona Ní Fhrighill an taispeántas ar an Satharn, 12 Deireadh Fómhair agus beidh sé ar siúl go dtí deireadh na míosa. Ar Inis Oírr a forbraíodh agus...

Toibreacha Beannaithe Árann 22 Lúnasa go dtí 31 Deireadh Fómhair

Toibreacha Beannaithe Árann 22 Lúnasa go dtí 31 Deireadh Fómhair

Seolfar an taispeántas ‘Toibreacha Beannaithe Árann’ in Áras Éanna, Inis Oírr, ag an 1i.n. ar an Déardaoin, 22 Lúnasa. Is é Cormac Coyne, Coimeádaí an Taispeántais, a sheolfaidh é. Is páirt é an taispeántas seo den Iniúchadh ar Thoibreacha Beannaithe Chontae na Gaillimhe, atá á dhéanamh ag an Sainchomhairleoir Oidhreachta, Zena Hoctor, ar son Oifig...

Augmented Body, Altered Mind – 27 & 28 Meán Fómhair

Augmented Body, Altered Mind – 27 & 28 Meán Fómhair

Taispeántas é seo le Alan James Burn i gcomhpháirt le hOifig Ealaíon Chathair na Gaillimhe ina bpléitear athrú aeráide agus néara-éagsúlacht. Trí chomhpháirtí Alan sa togra seo tugtar deis dúinn foghlaim faoi Bhród Néara & na hEalaíona agus Míchumas. Is taispeántas idirghníomhach é ‘Augmented Body, Altered Mind’ ina bhfuil comhéadan ríomhaire intinne fite le timpeallacht...

A Boy on an Island (Scannán)

A Boy on an Island (Scannán)

Scannán le Augustine Martin Scannán déanta ag Augustine Martin sna 60í ar Inis Mór le gasúir scoile an oileáin, ag léiriú saol an oileáin ag an am. Bhí sé craolta ag RTÉ ag an am. Bheadh na gasúir seo sna 70í anois. Ag taispeáint ar lúb ó 11r.n. go dtí 4i.n. (ó Mháirt go Domhnach...