Meitheamh 2019: Sarah Searson

Meitheamh 2019: Sarah Searson

Is í Sarah Searson, ealaíontóir cónaithe mhí an Mheithimh, stiúrthóir ‘An Dock’ i gCora Droma Rúisc. Ba í an chéad Cheannasaí í ar Ionad na nEalaíon Cruthaitheach agus na Meán in Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe-Maigh Eo. D’oibrigh sí le gníomhaireachtaí reachtúla, eagraíochtaí rialtais áitiúil agus institiúidí oideachais ag forbairt polasaithe agus tionscnaimh fhorbartha fadtéarmacha. Bhain sí céim amach i bPolasaí Cultúrtha agus Bainistíocht Ealaíon (CÓ,BÁC) & i Staidéar Cultúr Pobail (IADT) agus san Ealaín in Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath. Le linn a cónaitheacht trí seachtaine in Áras Éanna tacóidh sí leis an Ionad maidir leis an bhfís amach anseo don chlár amharc-ealaíne agus tabharfaidh sí faoi thaighde agus scríbhneoireacht i dtaca lena hobair chruthaitheach féin, coimeádaíocht agus scríbhneoireacht.