Kate Boschetti (ón Iodáil) & Liam Wilson (as Albain) “Place and Identity”:
I gcomhar le Líonra ISACS agus Gaillimh 2020.
Is tríd an tionscadal ‘Dodai’ a chas na lámhchleasaithe Kate Boschetti agus Liam Wilson ar a chéile, seo seó lámhchleasaíochta, rince agus drámaíochta a stiúir an lámhchleasaí Gearmánach Stefan Sing (Critical Mess).
Bhain Kate céim amach in Ardscoil Eolaíochta Parentocelli i Sarzana agus d’fhreastail ar Scoil Sorcais FLIC i Turin agus ar Ecole Supérieure des Arts du Cirque i Bruxelles. Ghlac sí páirt i roinnt obair chruthaitheach de chuid Giacomo Costantini (Dall’Alto), Martin Palisse (Entre Ciel & Terre) agus Gandini Juggling (Meta; Clowns & Queens; 8 nAmhrán). Múineann sí sorcas oideachasúil agus caitheamh aimsire i gcumann facciamoCIRCo agus is ball í den eagraíocht ‘Scoil Náisiúnta Sorcais na hIodáile’ a chasann le chéile i Sarzana.
Mhúin Liam an lámhchleasaíocht dó féin chúns bhí sé i mbun céim Máistreachta in Eacnamaíocht Éiceolaíochta agus MA sa Teangeolaíocht in Ollscoil Dhúnéideann. Bhí seó sráide aonair aige ag go leor féilte móra, ina measc Pflasterspektakel, Linz, Festival artisti di strada Ascona agus Lenzburger Gauklerfestival.
Eolas faoin gCónaitheacht
Ar feadh mí na Bealtaine lonnóidh Kate agus Liam iad féin go hiomlán in Inis Oírr, cruthóidh siad obair nua suíomh-fheiliúnach don oileán in éineacht leis na daoine.
Ar an Déardaoin 23 Bealtaine ag 3 i.n. feicfear, in áit eicínt idir an chéibh agus Tobar Éanna, an obair seo atá idir lámha acu.
Féachann an bheirt in éindí le haird a thabhairt ar chuile cheo ina dtimpeallacht, tugann seo deis dóibh a ngluaiseacht a athrú de réir mar a bhíonn nithe agus caidrimh dhaonna ag síorathrú. Teastóidh inspioráid agus idirghníomhú le rath a chur ar an togra taobh amuigh seo. Bunaithe ar chomhrá agus ar chumarsáid tabharfaidh a gcur chuige i leith lámhchleasaíocht agus léiriúcháin deis don ealaín sráide agus sorcais ról a bheith acu mar éascaitheoirí díospóireachta, léiritheoirí deiseanna, taiscéalaithe agus tuairisceoirí cúrsaí cultúrtha agus ar deireadh thiar mar chatalaígh d’athrú sóisialta agus polaitiúil.
Beidh an obair seo ar an oileán á dhoiciméadú ag an déantóir scannán as an Iodáil, Adalberto Lombardo, agus é ag taifead a gcuid gníomhaíochtaí ó lá go lá. Mar chuid dá dtionscadal fágfar an t-ábhar seo mar dhialann físe den phróiseas ach d’fhéadfadh suntas agus spéis fadtéarmach a bheith ann d’Inis Oírr.