Áras Éanna ag Comóradh 25 Bliain de Mhalartú Ealaíne agus Inspioráid Oileáin

Áras Éanna ag Comóradh 25 Bliain de Mhalartú Ealaíne agus Inspioráid Oileáin

PREASRÁITEAS

 

Áras Éanna ag Comóradh 25 Bliain de Mhalartú Ealaíne agus Inspioráid Oileáin

 

Inis Oírr, Co. na Gaillimhe – An samhradh seo, tá Ionad Ealaíon Áras Éanna ag ceiliúradh 25 bliain ag feidhmiú mar mhol cruthaitheach uathúil ar an oileán is lú d’Oileáin Árann. Nuair a thosaigh Áras Éanna amach sa mbliain 2000 bhí siad ina dtionscadal measartha beag ach tá dul chun cinn mór déanta acu ó shin agus iad anois ina n-ionad aitheanta náisiúnta d’amharc-ealaíona, léirithe agus cónaitheachtaí d’ealaíontóirí – ag tarraingt lucht ealaíon as gach coirnéal d’Éirinn agus den domhan chuig timpeallacht spreagúil Inis Oírr.

Tá Áras Éanna chun an ócáid thábhachtach seo a cheiliúradh le taispeántas de shaothair amharc-ealaíne ó ealaíontóirí a mhúnlaigh – agus atá múnlaithe – ag an ionad le fiche cúig bliain anuas. Beidh meascán agus saibhreas ealaíne sa taispeántas seo – Áras Éanna ag Ceiliúradh 25 Bliain d’Amharc-Ealaín, saothar  le healaíontóirí atá lonnaithe in Inis Oírr agus chomh fada as láthair le Nua Eabhrac, An Ghearmáin agus An Eilvéis- péintéireacht,  priontaí, teicstílí, dealbhóireacht agus grianghrafadóireacht.

Beidh an taispeántas ar siúl ón 12 Iúil go deireadh Meán Fómhair 2025 agus beidh píosaí le feiceáil as bailiúchán Áras Éanna féin chomh maith le píosaí nua le healaíontóirí ar tugadh cuireadh dóibh. Tá machnamh pearsanta agus téacsanna gearra ag dul leis an obair ealaíne ag tabhairt léiriú ar an tionchar a bhí ag an am a chaith na healaíontóirí in Inis Oírr ar a gcleachtas ealaíne.

Deir Fiona Hession, comhléiritheoir an taispeántais “Being asked to co-curate this exhibition has been an honour. Spending time on the island, revisiting the collection, and tracing the journeys of artists past and present has been both inspiring and thought-provoking. The island offers something rare—a space for artists to disconnect from outside noise and fully immerse in their work.”

Osclóidh Val Ballance, an chéad Stiúrthóir Ealaíne a bhí ar Áras Éanna, an taispeántas go hoifigiúil ar an Satharn 12 Iúil ag I i.n.

Ní hé amháin go léiríonn an taispeántas suntasach seo oidhreacht an ionaid ach léiríonn sé freisin ról ríthábhachtach thréimhse fhorbartha an ealaíontóra – agus an cumas athraitheach a bhaineann le háit. Thar aon rud eile, is comóradh é ar chruthaitheacht atá bunaithe ar an oileán agus múnlaithe aige.

Léiritheoirí an Taispeántais: Dara McGee, Stiúrthóir Ealaíne, Áras Éanna & Fiona Hession, Fís Ealaíontóir.

Ealaíontóirí an Taispeántais: Seán Ó FlaitheartaMick O’DeaGeraldine O’ReillyCarel LantersMick MulcahyDaniel ColemanThe Clarin Arts GroupScoil Náisiúnta CaomháinMaureen FlemingJohn BehanMary FahyJoey MasonManfred UrlTess UrbanskaDara McGeeDan Chóil Dan Ó Flatharta (RIP)Margaret TuffyMary Lee MurphyTogra Muintir na nOileáin/áisitheoir Ceara ConwayCecilia DanellPat QuinnCyril O’FlaitheartaMáirtín Taimín Ó ConghaileAisling Nic CraithMara ZsuzsannaDolores Lyne  – Trish Coneely – Hughie O’Donoghue

Roinnt de na curacha as Taispeántas na gCurach 2021

Roinnt de na pocáin as Taispeántas na bPocán 2023

 

Eolas faoin Taispeántas

Céard: Áras Éanna ag Comóradh 25 Bliain
Cén uair
: Dé Sathairn 12 Iúil, 1.00 i.n. Ionad Ealaíon Áras Éanna, Inis Oírr

Suíomh Gréasáin: www.aras-eanna.ie

Teagmháil Preasa & Meán:
Dara McGee
Stiúrthóir Ealaíne, Áras Éanna
dara@aras-eanna.ie
099 35005