Author: admin_aras

Home / admin_aras
Áras Éanna ag Comóradh 25 Bliain de Mhalartú Ealaíne agus Inspioráid Oileáin

Áras Éanna ag Comóradh 25 Bliain de Mhalartú Ealaíne agus Inspioráid Oileáin

PREASRÁITEAS   Áras Éanna ag Comóradh 25 Bliain de Mhalartú Ealaíne agus Inspioráid Oileáin   Inis Oírr, Co. na Gaillimhe – An samhradh seo, tá Ionad Ealaíon Áras Éanna ag ceiliúradh 25 bliain ag feidhmiú mar mhol cruthaitheach uathúil ar an oileán is lú d’Oileáin Árann. Nuair a thosaigh Áras Éanna amach sa mbliain 2000...

Meitheamh 27, 2025July 8, 2025
Glao Oscailte Ionad Ealaíon Áras Éanna 2026

Glao Oscailte Ionad Ealaíon Áras Éanna 2026

Is é Áras Éanna an t-ionad ealaíon is faide siar san Eoraip, lonnaithe ar oileán beag Gaeltachta Inis Oírr i gCo. na Gaillimhe. Tacaíonn an t-ionad le healaíontóirí trína chlár Ealaíontóir Cónaithe. Cuirtear an t-am agus an spás ar fáil d’ealaíontóirí a gcleachtas a fhorbairt agus saothar nua a thaispeáint i dtimpeallacht uathúil an oileáin...

Bealtaine 6, 2025Bealtaine 6, 2025
Riarthóir Ealaíon lánaimseartha d’Áras Éanna

Riarthóir Ealaíon lánaimseartha d’Áras Éanna

Riarthóir Ealaíon d’Áras Éanna Tá Ionad Ealaíon Áras Éanna ag lorg Riarthóir Ealaíon lánaimseartha. Is deis iontach atá anseo oibriú ar oileán álainn Inis Oírr. Beidh ardchaighdeán Gaeilge agus Béarla, idir scríofa agus labhartha, ardscileanna ríomhaireachta, taithí i gcúrsaí riaracháin agus suim ins na healaíona ag an té a cheapfar. Tá foirm iarratais agus tuilleadh...

Aibreán 30, 2025Aibreán 30, 2025
Fáilteoir á lorg tríd an Scéim Sóisialta Tuaithe

Fáilteoir á lorg tríd an Scéim Sóisialta Tuaithe

Fáilteoir á lorg ag Áras Éanna tríd an Scéim Sóisialta Tuaithe • Feitheoireacht a dhéanamh ar na taispeántais agus imeachtaí de réir mar is gá. • Plé le fiosruithe ó chuairteoirí agus ealaíontóirí ó thaobh taispeántais, imeachtaí agus clár ealaíona Áras Éanna. • Cúnamh ginéaralta a chur ar fáil ag imeachtaí (caifé, beár, fáilteachas, réiteach...

Aibreán 28, 2025Aibreán 28, 2025
Glaoch Oscailte ar ealaíontóirí Chontae na Gaillimhe

Glaoch Oscailte ar ealaíontóirí Chontae na Gaillimhe

Glaoch Oscailte ar ealaíontóirí Chontae na Gaillimhe iarratas a dhéanamh ar chónaitheacht do mhí Lúnasa in Áras Éanna, Inis Oírr. Tá áthas ar Áras Éanna agus Oifig Ealaíon Comhairle Chontae na Gaillimhe glaoch oscailte a fhógairt d’ealaíontóirí Chontae na Gaillimhe cur isteach ar chónaitheacht do mhí Lúnasa. Is é Áras Éanna an t-ionad ealaíon is...

Aibreán 9, 2025Aibreán 9, 2025
Postaer Féile Pobal Inis Oírr

HUP! Féile an Phobail – Inis Oírr

An Aoine 7:30 i.n Seoladh na Féile – Áras Éanna Gearrscannáin x 3 ‘Éad’ le hIdirbhliain 2024, ‘An Oileán’ le Amy Sharry ‘Barracuda’ le Ferdia Mac Eoin Q & A le Ferdia agus Amy ina dhiaidh ‘Pórtráidí’ – taispeántas grianghrafadóireachta le muintir Inis Oírr Seoladh na Féile: Amy Sharry 10i.n Seisiún Ceoil Tigh Ned An...

Aibreán 7, 2025Aibreán 7, 2025
Athluchtú – Taispeántas Dealbhóireachta

Athluchtú – Taispeántas Dealbhóireachta

Athluchtú / Recharge Anna Macleod 12 Aibreán – 9 Bealtaine 2025. Eascraíonn obair an taispeántais seo as cónaitheacht 6 seachtaine a rinne Anna Macleod in Áras Éanna, Inis Oírr, i bhFeabhra na bliana 2020. Aimsir stoirmiúil a bhí ann ag an am, cúpla seachtain roimh chéad dhianghlasáil Covid ar an 27 Márta. Maidir lena cuid...

Tionscadal Pat Coleman Scríbhneoir Cónaithe Éiritheach

Tionscadal Pat Coleman Scríbhneoir Cónaithe Éiritheach

Tá ríméad ar Áras Éanna Arts Centre, Inis Oírr agus Oifig Ealaíon Chomhairle Cathrach na Gaillimhe an tionscadal Pat Coleman Scríbhneoir Cónaithe Éiritheach a fhógairt a thugann ómós do Pat, carachtar agus cara iontach do mhuintir na Gaillimhe Cónaitheacht trí seachtaine a bheidh ann i mBealtaine 2025. Gheobhaidh an t-iarratasóir rathúil na nithe seo a...

Mí an Mhárta 11, 2025Mí an Mhárta 11, 2025
Clár Cruthaitheachta do Chlubanna Óige

Clár Cruthaitheachta do Chlubanna Óige

 Tugtar cuireadh duit freastal ar:  Seoladh Clár Cruthaitheachta do Chlubanna Óige   Seoladh agus taispeántas do Chlár Cruthaitheachta do Chlubanna Óige,   7ú Márta, 2025 @ 1:00i.n, Áras Éanna Ionad Ealaíne, Inis Oírr.    Tá Comhpháirtíocht Áitiúil Óige Ildánach GRETB agus Muintearas Teo ag comhoibriú le chéile mar chomhpháirtithe straitéiseacha seachadta cruthaitheacha chun tacú le...

Mí an Mhárta 3, 2025Mí an Mhárta 3, 2025

Suirbhé Pobal Áras Éanna

Tá Áras Éanna ar an ionad ealaíon is faide siar san Eoraip agus tá sé ar cheann den phéire atá lonnaithe i gContae na Gaillimhe. Freastalaíonn sé ar mheascán lucht féachana, lena n-áirítear an pobal áitiúil, ealaíontóirí cuartaíochta agus turasóirí. Tá plean forbartha á réiteach d’Áras Éanna chun féachaint ar dheiseanna agus aidhmeanna an ionaid...

Mí Feabhra 11, 2025Mí Feabhra 11, 2025