Suirbhé Pobal Áras Éanna
Tá Áras Éanna ar an ionad ealaíon is faide siar san Eoraip agus tá sé ar cheann den phéire atá lonnaithe i gContae na Gaillimhe. Freastalaíonn sé ar mheascán lucht féachana, lena n-áirítear an pobal áitiúil, ealaíontóirí cuartaíochta agus turasóirí.
Tá plean forbartha á réiteach d’Áras Éanna chun féachaint ar dheiseanna agus aidhmeanna an ionaid agus chun plean a leagan amach dá inbhuanaitheacht eacnamaíochta, sóisialta agus airgeadais amach anseo.
Tá Bane Mullarkey faighte chun an plean a réiteach. Tá comhairleoireacht ina chuid lárnach den phróiseas agus mar sin tá suim againn bhur dtuairimí a fháil sa suirbhé gearr seo. Cuideoidh an t-aiseolas linn maidir le plean forbartha agus todhchaí Áras Éanna. Tógfaidh an suirbhé cúig nóiméad agus coinneofar gach freagra faoi rún.
Go raibh maith agat.
Dara McGee, Stiúrthóir Ealaíne
Áras Éanna, Inis Oírr, Oileáin Árann, Co. na Gaillimhe