Fáilteoir á lorg tríd an Scéim Sóisialta Tuaithe
Fáilteoir á lorg ag Áras Éanna tríd an Scéim Sóisialta Tuaithe
• Feitheoireacht a dhéanamh ar na taispeántais agus imeachtaí de réir mar is gá.
• Plé le fiosruithe ó chuairteoirí agus ealaíontóirí ó thaobh taispeántais, imeachtaí agus clár ealaíona Áras Éanna.
• Cúnamh ginéaralta a chur ar fáil ag imeachtaí (caifé, beár, fáilteachas, réiteach an amharchlann, glanadh)
• Tacaíocht margaíochta – dáileadh bileoga agus póstaeir ar an oileán.
• Áras Éanna a oscailt agus a chuir faoi ghlas ó am go chéile.
Beidh Áras Éanna tuiscineach agus soblúbtha maidir le uaireanta agus laethanta oibre.
Is post ar an Scéim Sóisialta Tuaithe (SST) é an post seo, dá bhrí sin ní mhór a bheith i dteideal cáiliú don scéim seo.
Tuilleadh eolais ar an scéim SST ceangailte anseo, le fáil ó Comhar na nOileán CTR 099 75096.
Tuilleadh eolais ar an bpost féin le fáil ó Áras Éanna eolas@aras-eanna.ie.
Tá aiféal orainn nach féidir glaoch orainn in Áras Éanna mar tá ár fón fós as ord ó am an gála mór, ach tá fáilte romhat buaileadh isteach chugainn in Áras Éanna.

