Athluchtú – Taispeántas Dealbhóireachta

Athluchtú – Taispeántas Dealbhóireachta

Athluchtú / Recharge
Anna Macleod

12 Aibreán – 9 Bealtaine 2025.
Eascraíonn obair an taispeántais seo as cónaitheacht 6 seachtaine a rinne Anna Macleod in Áras Éanna, Inis Oírr, i bhFeabhra na bliana 2020. Aimsir stoirmiúil a bhí ann ag an am, cúpla seachtain roimh chéad dhianghlasáil Covid ar an 27 Márta.
Maidir lena cuid oibre ‘Water Conversations’ is sraith leanúnach é de thionscnamh taighde agus oibreacha sofhreagrúla suíomh a dhéanann staidéar ar an gceangal idir feiniméan meitéareolaíochta, ábhair, stair, tírdhreacha, éiceolaíocht agus gnéithe cultúrtha. Is é an sprioc ná tionscadail ilsrathacha a chruthú a áiríonn cuimsiú sóisialta agus a spreagann gníomhaíocht chomhoibrithe dearfach.
Ar Inis Oírr, an t-oileán is lú d’Oileáin Árann, feictear gníomhaíocht uisce go soiléir sa tírdhreach aolchloiche Oighearcharstach ar leith atá ann. Tá na hoileáin ceangailte le chéile ag aibhneacha dofheicthe screamhuisce úr a ritheann faoin bhfarraige.
Ina foilseachán The Meaning of Water, (2004) úsáideann an t-antraipeolaí cultúrtha Veronica Strang eitneagrafaíocht uisce le léargas a thabhairt ar an gcaoi a gceanglaítear an luach a bhaineann le huisce do gach ní leis na tuiscintí sóisialta, polaitiúla, spioradálta agus comhshaoil is doimhne atá againn agus lenár gcleachtais chultúrtha.
Tá seanchleachtadh ag muintir Inis Oírr a bheith ag bailiú uisce báistí d’úsáid tí agus feirmeoireachta, toisc nach bhfuil foinse sheasmhach uisce mar atá ar an mórthír acu. Tá an t-athrú sna pátrúin aimsire agus an t-ardú sa turasóireacht ag cur brú ar an bhfoinse reatha uisce agus tugann bád isteach uisce ón mórthír go laethúil le freastal ar riachtanais an oileáin sa séasúr turasóireachta cé go bhfuil cúltaiscí uiscíoch fíoruisce nár tarraingíodh astu fós ag rith faoin oileán.
Ag teacht le stair fhada an oileáin maidir le sábháil agus caomhnú uisce rinne Macleod dealbha a shábhálann uisce báistí agus a oibríonn freisin mar fheabhsaitheoirí pailnithe. Bhunaigh sí iad ar an bhFlóra Feirme (Flowers of the Farm), atá catalógaithe sa 2ú eagrán de ‘Census Catalogue of the Flora of Ireland’ (Scannell and Synott 1987), an Briúlán (Burnet Rose), Dédhuilleog (Twayblade) Magairlín an loscáin (Frog orchid) Féar Gortach (Quaking grass) agus Slánlus (Ribwort plantain).
Nuair a thiocfaidh críoch leis an taispeántas seo bronnfaidh Anna Macleod bratach lámhdhéanta dá cuid ar phobal Inis Oírr, mar chomóradh ar sheanchleachtais agus nuachleachtais sábhála uisce in Inis Oírr.
Buíochas le hoileánaigh Inis Oírr, le Dara McGee & Áras Éanna, Máire Uí Mhaoláin, Cormac Coyne, Mary McCarthy, Anna Legge, Paddy Murphy ó Chumann Aimsitheoirí Uisce na hÉireann agus An Dr. Eamon Doyle, Geolaí, Geopháirc Domhanda EOECNA Aillte an Mhothair agus na Boirne.

 

Bio Anna Macleod
Is amharc-ealaíontóir, taighdeoir agus oideoir neamhspleách í Anna Macleod atá lonnaithe in Ionad Dealbhóireachta Liatroma, Cluainín, Co Liatroma. Trí mheáin éagsúla amharc-ealaíne cuireann sí trasna tuairimí casta maidir le tuiscintí nua-aimseartha, stairiúla agus cultúrtha i leith úsáid talún agus uisce. Tá go leor taispeántas curtha i láthair aici in Éirinn agus go hidirnáisiúnta óna 1990aidí.
Áirítear i measc a dámhachtainí le deireanas, cónaitheachtaí sa Centre Culturel Irlandais, Páras in 2021 & 2022. Sna blianta 2023 & 2024 Dámhachtain Cónaitheachta Reach Scotland chuig Ceardlann Dealbhóireachta Dhún Éideann agus i mBealtaine 2023 Dámhachtain do Chónaitheacht Ealaíontóir Idirnáisiúnta le Pasaj, Iostanbúl & Deireadh Fómhair 2023 Interface, Conamara, Éire.
Fuair Anna Dámhachtain Platform 31 ó Chumann Oifigí Ealaíon na nÚdarás Áitiúil & Dámhachtain Sparánachta Amharcealaíne ó Chomhairle Ealaíon na hÉireann in 2021 agus in 2023 fuair sí Dámhachtain Lúfaireachta. Bhí taispeántais aici le déanaí (2024) ag Ionad Ealaíon Thiobraid Árann Theas, Cluain Meala, i gcomhar le Katherine Sankey & beidh taispeántas aici in Áras Éanna, Inis Oírr in 2025 & seó aonair ag ‘The Dock’ in 2026.
Sa mbliain 2024 tugadh cuireadh di chuig an 194ú taispeántas den Acadamh Ibeirneach Ríoga i mBaile Átha Cliath áit ar bronnadh Dámhachtain Moran don Dealbh ba Shuntasaí uirthi.

www.annamacleod.com
@annamacleodartist