Tá ríméad ar Áras Éanna Arts Centre, Inis Oírr agus Oifig Ealaíon Chomhairle Cathrach na Gaillimhe an tionscadal Pat Coleman Scríbhneoir Cónaithe Éiritheach a fhógairt a thugann ómós do Pat, carachtar agus cara iontach do mhuintir na Gaillimhe
Cónaitheacht trí seachtaine a bheidh ann i mBealtaine 2025. Gheobhaidh an t-iarratasóir rathúil na nithe seo a leanas:
• Bus agus bád farantóireachta ó Chathair na Gaillimhe go hInis Oírr & ar ais.
• Cóiríocht féinfhreastail ar feadh thréimhse na cónaitheachta
• Stipinn €2,000
• Spás stiúideo in Ionad Ealaíon Áras Éanna
• Ceardlanna meantóireachta
Chun iarratas a dhéanamh, is gá don ealaíontóir:
• a bheith ar fáil chun dul i mbun na cónaitheachta ina iomlán i Mí Bealtaine 2025
• a bheith ina chónaí i gCathair na Gaillimhe
Chun iarratas a dhéanamh, seol ríomhphost chuig arts@galwaycity.ie leis an méid seo a leanas:
• Litir chlúdaigh breac-chuntas ar a bhfuil beartaithe agat oibriú air le linn na cónaitheachta
• C.V.
• Samplaí de do chuid oibre
Is é an 14 Márta 2025 an spriocdháta d’iarratais.
Fógróimid an t-iarratasóir rathúil ar an Déardaoin 20ú Márta 2025.
