Ag teacht as Co Ard Mhacha, admhaíonn an t-amharcealaíontóir Daniel Coleman go héasca nach raibh mórán eolais aige faoi Aras Eanna, Inis Oirr, nó faoi Oileáin Árann sular ghlac sé cónaitheacht míosa i gcomhpháirtíocht leis an Royal Hibernian Academy (RHA) agus Áras Éanna an samhradh seo. Cad é mar mhí a bhí aige? Tugadh cuireadh...
Project Category: Cónaitheacht
Nollaig 2019: Mick O’Dea PPRHA
Is in Inis i gCo. an Chláir a rugadh Mick O’Dea i 1958. Rinne sé a chuid staidéir i gColáiste Náisiúnta Ealaíne is Dearadh BÁC, Ollscoil Massachusetts Amherst, Scoil Ealaíne Winchester i mBarcelona agus i Winchester áit ar bronnadh Máistreacht sa Mínealaín Eorpach air
Deireadh Fómhair 2019 – Toine Horvers
Is taibhealaín agus scríbhneoireacht thuairisciúil a dhéanann an t-ealaíontóir Toine Horvers. San obair thaibhitheach a dhéanann sé díríonn sé ar am agus spás go mór mór ó thaobh na disciplíní rince, ceol agus fuaimfhilíocht Sna léirithe bíonn sraith cruinn gluaiseachtaí leagtha amach, le nasc daingean idir an glór agus an ghníomhaíocht fhisiciúil, agus bíonn páirt ag daoine eile iontu go minic.
Meán Fómhair 2019: Sorcha Fox
Is aisteoir, scríbhneoir teanga labhartha agus scríbhneoir scripte de chuid Ros na Rún í Sorcha Fox. Le linn a cónaitheacht in Áras Éanna oibreoidh sí ar phíosaí nua faoi fhéiniúlacht agus áit, agus beidh siad seo i nGaeilge agus i mBéarla.
Lúnasa 2019: Anna Macleod
Is amharc-ealaíontóir agus taighdeoir neamhspleách í Anna McLeod a chónaíonn i gCo. Liatroma. Trí chineálacha éagsúla amharcealaíne agus próisis dealbhóireachta cuireann sí trasna tuairimí casta faoi léirithe nua-aimseartha, stairiúla agus cultúrtha maidir le húsáid talún.
Iúil 2019: Selma Makela
Image: Precipice Oil on canvas 2018 Tá Selma Makela lonnaithe i gCo. na Gaillimhe. Díríonn a cleachtas ar ábhair iontais mheitéareolaíocha agus geolaíocha chun castacht cuimhne, imirce agus ár dtimpeallacht athraitheach a scrúdú. Ag obair di le péint, déanamh priontaí agus le deireanas obair shuíomhoiriúnaithe, scrúdaíonn sí nádúr gearrshaolach agus neamhbhuan shaol an duine nuair...
Meitheamh 2019: Sarah Searson
Is í Sarah Searson, ealaíontóir cónaithe mhí an Mheithimh, stiúrthóir ‘An Dock’ i gCora Droma Rúisc.
Bealtaine 2019: Kate Boschetti & Liam Wilson, “Place & Identity”
Is tríd an tionscadal ‘Dodai’ a chas na lámhchleasaithe Kate Boschetti agus Liam Wilson ar a chéile, seo seó lámhchleasaíochta, rince agus drámaíochta a stiúir an lámhchleasaí Gearmánach Stefan Sing (Critical Mess).
- 1
- 2