Meán Fómhair 2019: Sorcha Fox

Meán Fómhair 2019: Sorcha Fox

Is aisteoir, scríbhneoir teanga labhartha agus scríbhneoir scripte de chuid Ros na Rún í Sorcha Fox. Le linn a cónaitheacht in Áras Éanna oibreoidh sí ar phíosaí nua faoi fhéiniúlacht agus áit, agus beidh siad seo i nGaeilge agus i mBéarla.

Ghnóthaigh Sorcha sparánacht de chuid na Comhairle Ealaíon agus bhí sí freisin ina hEalaíontóir Cónaithe Amharclainne san Ionad Ealaíon ‘The Dock’ i 2016. Bhain sí amach an UNESCO New Work Award agus scríobh sí ‘Remember’ don Fhéile Cainte ‘Lingo’.

Is sraith de phíosaí taibhfhilíochta é ‘Remember’. Is í Sorcha Fox féin a chuireann i láthair é agus tríd an gceangal idir na píosaí uilig cruthaítear dúshlán – pearsanta agus náisiúnta, le go gcuimhneodh muid cé as ar tháinig muid ionas go bhféadfadh muid rud eicínt nua a shamhlú. Bhí sé ar stáitse den chéad uair ag Lingo i Liberty Hall in éineacht le píosaí filíochta ón bhfile teanga labhartha Palaistíneach Rafeef Ziadah agus an file polaitiúil Éireannach Sarah Clancy.

Tá téarnamh tráma i measc théamaí ‘Remember’ – don duine agus do náisiún, blúirí cuimhne, an tíoránach inmheánaithe agus a thionchar ar an duine agus ar náisiún, scrios na nguthanna a chuireann i gcuimhne dúinn cé as a dtagann muid – an glaoch do láidriú na nguthanna seo.

Rinne Sorcha cúrsa freisin i ‘Theatre and Cultural Resistance’ in Amharclann Freedom, i gcampa dídeanaithe Jenin i dtuaisceart na Palaistíne agus tá sí ar dhuine de lucht eagraithe Palfest na hÉireann.

Leave a Reply