Deireadh Fómhair 2019 – Toine Horvers

Deireadh Fómhair 2019 – Toine Horvers

Is taibhealaín agus scríbhneoireacht thuairisciúil a dhéanann an t-ealaíontóir Toine Horvers. San obair thaibhitheach a dhéanann sé díríonn sé ar am agus spás go mór mór ó thaobh na disciplíní rince, ceol agus fuaimfhilíocht Sna léirithe bíonn sraith cruinn gluaiseachtaí leagtha amach, le nasc daingean idir an glór agus an ghníomhaíocht fhisiciúil, agus bíonn páirt ag daoine eile iontu go minic. Cuireann Toine a chuid oibre i láthair go hidirnáisiúnta trí léirithe, taispeántais agus ceardlanna. Ina chuid oibre, atá scríofa sna leabhra agus ráite sna léirithe, tá bunghné dá chuid scríbhneoireacht thuairisciúil (neamhchruthaitheach). 

Foilsithe le deireanas: i 2018, Lying – cuntas gearr atá anseo ar luí na colainne tar éis dúiseacht, i 2013, Chartres – uair an chloig fuaime a taifeadadh in ardeaglais Ghotach, agus i 2013 May – fuaim éan tógtha i ngleann dumhcha ag ceann oileán Schouwen.

Ag teacht go luath: Moving – Scríbhneoireacht, bailiúchán atá anseo de chuntais leathfhaisnéiseacha faoina obair thaibhitheach ó 1979.

Bhí Toine Horvers i mbun coimeádaíochta ar thaibh-imeachtaí ar nós Words Live agus Music and Film, agus ó 2004 go 2014 bhí imeachtaí eagraithe aige sa Sub Urban Video Lounge i Rotterdam. 

Chaith sé seal le deireanas in Iostanbúl agus san India ag déanamh staidéir ar an ngaol idir cineálacha agus gnásanna ceoil deasghnátha agus searmanais agus ina chuid oibre féin mar ealaíontóir.

As na cruinnithe seo tháinig sraith leanúnach staidéir gluaiseachta fhisiciúla agus gutha: Castaí agus Bíseanna (Rotations and Spirals) 

Is i 1971 a thug Toine Horvers a chéad chuairt ar Éirinn agus ar Inis Oírr agus d’fhill sé neart babhtaí ó shin. Bhain sé sult as cónaitheacht trí mhí in Áras Éanna i 2003, tréimhse a chríochnaigh leis an suiteán fuaime Limestone le guthanna na n-oileánach.

Ina chuid oibre faoi láthair, chomh maith le scríbhneoireacht agus taibhiú, tá sé ag díriú ar ‘aistriú’ gluaiseachtaí agus staideanna trí éisteacht le fuaim focla i dteangacha éagsúla. Ceann de na focla seo ná ‘gaoth’…….

Níl aon phlean speisialta aige fós dá chónaitheacht i nDeireadh Fómhair. Is fearr leis é uilig a fhágáil oscailte agus anois agus é ina ealaíontóir níos sine is fada leis go leagfaidh sé cois arís san áit a bhí i gcónaí ina údar inspioráide dó.  

Leave a Reply