Tá na ‘Curacha’ ag teacht!
Tá an taispeántas de 21 curacha maisithe a ghlac samhlaíocht na gcuairteoirí ar Inis Oirr agus ar dhaoine áitiúla le dhá mhí anuas le taispeáint ar champas OÉ Gaillimh ón Aoine seo, 17ú Meán Fómhair. Cuimsíonn ‘Curacha’, ina bhfuil 21 ealaíontóir chun 21ú breithlá Áras Éanna a cheiliúradh, saothair leis an dealbhóir iomráiteach John Behan, an t-amharcealaíontóir Tuam-bhunaithe Jennifer Cunnigham, Ger Sweeney atá lonnaithe i Maigh Eo, agus Sadia Shoaib, iarrthóir tearmainn as an bPacastáin. Seolfaidh OÉ Gaillimh agus Áras Éanna an taispeántas ag 11rn Dé hAoine i gCearnóg na hollscoile i gcomhpháirtíocht le Cónaitheacht Ceoil na Gaillimhe. Déanfaidh ConTempo...








