Réimse iontach stíleanna

Réimse iontach stíleanna

An curach ag John Behan, RHA. Grianghraf le Cormac Coyne.

Níl iarrthóir tearmainn ón bPacastáin, amharcealaíontóir óg thar a bheith cumasach as Co Ard Mhacha, agus déantóir priontaí atá lonnaithe i gContae Chiarraí ach triúr de na healaíontóirí a bhfuil a gcuid saothar iontacha tar éis Inis Oirr a dhéanamh níos gile an samhradh seo.

Faraor, tá deireadh leis an taispeántas ‘Curacha’ a cheiliúrann 21 bliain d’Aras Eanna mar ionad ealaíon an Domhnach seo (12 Meán Fómhair).

Samhradh iontach a bhí ann anseo ar Inis Oirr.

Ó sheol muid an taispeántas seo faoi sholas na gréine glórmhar ar an 17ú Iúil, thug na céadta cuairt ar ár n-amharclann agus ar ár gclós chun na 11 phíosa ealaíne iontacha anseo ag Aras Eanna a sheiceáil.

Ach scaip siad amach ar fud an oileáin freisin chun seiceáil a dhéanamh ar na curacha lámhphéinteáilte agus maisithe le lámh, ó phíosa uaigneach Sean O Coileain amach in aice leis an teach solais – thug sé ‘Briseann an grá agus an bás gach droim’ air – go piosa cniotáilte le lámh ag Deirdre McKenna anseo ag Aras Eanna.

Mura thug tú cuairt ar Inis Oirr fós chun ‘Curacha’ a sheiceáil, déan cinnte teacht anseo faoin Domhnach!

An curach le Sadia Shoaib. Grianghraifadóireacht le Cormac Coyne.

SADIA SHOAIB

Is iarrthóir tearmainn as an bPacastáin í Sadia agus cónaíonn sí lena fear céile agus ceathrar clainne san Old Convent, Co. Mhaigh Eo. Bhog sí go hÉirinn i 2015 agus rinne céim sa Mhínealaín agus chríochnaigh a BBA sa Phacastáin.

Tá an-suim i gcónaí ag Sadia san ealaín agus glacann sí páirt go rialta i dtionscnaimh ealaíne i gCo. Mhaigh Eo agus eagraíonn ranganna do pháistí a chónaíonn i Soláthar Díreach. Bhí sí fíorshásta cuireadh a fháil le bheith páirteach sa taispeántas seo agus tá taighde déanta aici ar Oileáin Árann dá píosa oibre. Tá an sníomh traidisiúnta sna hoileáin agus na feileacáin a bhíonn thart iontu á chur i láthair aici i stíl Mandala, léiriú ar aistear spioradálta i bhfoirm sraitheanna.

DANIEL COLEMAN

Rugadh an t-amharc-ealaíontóir as Co. Ard Mhacha, Daniel Coleman, i 1994 agus is ball é den stiúideo ‘Platform Arts’ i mBéal Feirste. Is péintéir é go príomha ach déanann sé líníocht, suiteáil agus téacs freisin mar chuid dá chleachtas. Bhí taispeántais rialta aige i dTuaisceart na hÉireann agus sa bPoblacht ón am ar bhain sé amach a chéim Céadonóracha sa Mhínealaín (Péinteáil) i Scoil Ealaíne Bhéal Feirste i 2016.

Tá Daniel ina bhall den ‘Drawing Journal’ ó 2018, tionscnamh comhoibríoch líníochta agus téacs.  I measc seónna an ghrúpa seo le deireanas tá i 2020-2021, ‘Image of Thought’, Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, Béal Feirste agus seó a bhéas i 2021 in Ionad Ealaíon Ards, Baile Nua na hArda.  Is é Daniel Coleman a fuair Duais Cónaitheachta Áras Éanna/RHA le deireanas agus tá sé faoi láthair ag seasamh siar le go gcruthóidh sé obair nua anseo ar Inis Oírr.

An curach le Daniel Coleman.

TOM MESKELL

Tá Tom ag obair mar ealaíontóir rannpháirtíochta le breis is scór bliain ag tabhairt faoi thionscnaimh rathúla go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta. Tá sé lonnaithe i gCo. Mhaigh Eo, tá stiúideo aige agus bíonn a chuid oibre i dtaispeántais aonair agus i ngrúpthaispeántais ar bhonn rialta. Bhí Tom ar dhuine den ghrúpa a rinne na currachaí dubha don taispeántas seo.

Tá scoil d’éisc órga ag preabadh thar an mbád cruthaithe aige agus fuair sé an inspioráid do na dathanna agus íomhánna ón oileán fhéin. Chruthaigh sé an ‘Golden Bounty’ bunaithe ar a mhothúcháin faoi thírdhreach agus atmaisféir Inis Oírr. Tá sé ag súil go mór an taispeántas seo a fheiceáil taobh amuigh san oileán.

An curach le Sean Cathal O Coileán

SEÁN CATHAL O COILEÁN

‘Níl aon ráiteas tábhachtach le déanamh agam ach go mbím ag péinteáil chuile lá’ a dúirt sé.

JAY MURPHY

Rinne Jay Murphy cúrsa mínealaíne i Scoil Ealaíne Dhún Laoghaire agus priontáil i ‘Central School’, Londain agus i 1976 bhog sí go Gaillimh. Bhí Jay páirteach i seónna grúpa in Éirinn agus thar lear in éineacht le go raibh go leor seónna aonair aici ar fud na tíre, ina measc péire ag Féile Idirnáisiúnta Ealaíon na Gaillimhe – Circa Circo’ i 1996 agus ‘Hydro’ i 2011.

Tá a cuid oibre le feiceáil i gcuid mhaith ambasáidí agus i mbailiúcháin ealaíne poiblí, ag áireamh ceann Iar-Uachtarán Soares na Portaingéile a bhronn Mary Robinson air nuair a bhí sí ina hUachtarán ar Éirinn. Bhí Jay ar dhuine den dream a bhunaigh Fíor Uisce agus ‘Western Artists’, bhí taispeántas aici i gcomhar le ‘sland Connections’ agus tá sí ina ball de AKIN. I measc na n-áiteacha a raibh taispeántais aici le deireanas bheadh ‘Taylor Galleries’, Baile Átha Cliath, Ionad Ealaíon na Gaillimhe, Gailearaí Hamilton, Sligeach, Gailearaí Green Fuse, Cathair na Mart agus Seachtain Ealaíne an Chlocháin, Co. na  Gaillimhe.

 

An curach le Cathal McGinley.

CATHAL McGINLEY

Is ealaíontóir idirdhisciplíneach a chónaíonn i Ráth Mealtain, Co. Dhún na nGall, é Cathal. Tá an-tionchar ag an oileán beag Inis Bó Finne amach ó chósta Mhachaire Rabhartaigh ar a chuid oibre mar gur ann a chaith sé formhór a óige. Rinne sé Mínealaín i Sligeach agus MA in Ollscoil Uladh.

Chaith Cathal trí bliana thaitneamhacha mar ealaíontóir cónaitheach ar Inis Bó Finne, ag roinnt a chuid ama idir an t-oileán agus an tír mór. Trína mhodheolaíocht nádúrtha cónascann sé oidhreacht, seanchas, scéalaíocht agus a ghrá dá theanga dhúchais agus do phobal an oileáin.

DEIRDRE McKENNA

Is i 1999 a bhain Deirdre McKenna céim sa bpéintéireacht amach i gColáiste Ealaíne agus Deartha Crawford. I 2011 thosaigh sí ag foghlaim faoi dhéanamh priontaí leis an máistir déantóir priontaí Niall Naessens. Tá sí lonnaithe sa Daingean, Co. Chiarraí agus ina ball de ‘Cork Printmakers’.

Roghnaigh an ‘Center for Printmaking Connecticut’, ‘Impact 10 Encuentre’ i Santander ’18, Gailearaí agus Músaem Manly Art, NSW san Astráil agus The New State ag Graphic Studio Gallery a cuid oibre do thaispeántais priontaí. Tá an-spéis aici i léamh an duine ar an timpeallacht agus na traidisiúin a bhíodh ann agus ar a n-áit sin i sochaí na linne seo.

An curach le Deirdre McKenna sa chlós ag Áras Éanna.

Léigh faoi chuid de na healaíontóirí eile a ghlac páirt sa taispeántas ‘Curacha’ an samhradh seo: https://aras-eanna.ie/omos-dar-stair-ghlormhar/