Teigh in aithne ar na healaíontóirí

Teigh in aithne ar na healaíontóirí

Dolores Lyne lena curach. Grianghraf le Rynes Walker.

Seo iad na healaíontóirí a bhfuil a bpíosaí ealaíne iontacha tar éis Inis Oirr a athrú go spás taispeántais lasmuigh.

As seo go dtí 12 Meán Fómhair, is féidir leat rian timpeall Inis Oirr a leanúint agus saothair iontacha 21 ealaíontóir Éireannacha a fháil don taispeántas ‘Curacha’ a cheiliúrann 21 bliain d’Aras Éanna.

Tá seacht gcinn de na píosaí, lena n-áirítear dealbh álainn le John Behan, istigh san amharclann ag Áras Éanna agus is féidir iad a fheiceáil ó Mháirt go Domhnach (11rn go 4in).

Tá ceathrar eile sa chlós lasmuigh.

Agus tá cuairteoirí ar eaglais an oileáin in ann cóir speisialta a fháil i bhfoirm ómós mionsonraithe Kathleen Furey d’fhuinneog gloine dhaite le Harry Clarke.

Tá na curacha péinteáilte eile ag láithreacha straitéiseacha ar fud an oileáin, ina measc píosa álainn le cónaitheoir an oileáin Pat Quinn síos in aice le raic an Plassey..

Le cúpla seachtain anuas, beimid ag taispeáint an 21 ealaíontóir a coimisiúnaíodh chun páirt a ghlacadh sa taispeántas draíochta seo.

Tosaímid inniu leis an gcéad seacht ónár gclár. Amhail is dá mbeadh leithscéal ag teastáil uait riamh le teacht agus cuairt a thabhairt ar Inis Oirr!

DOLORES LYNE

Bhog Dolores Lyne as Ciarraí go Gaillimh tar éis di céim sa mhínealaín a bheith bainte amach aici i bPort Láirge. Léiríonn a cuid oibre a spéis ollmhór sa tírdhreach searmanasach faoin tuath in Iarthar na hÉireann agus sna hoileáin atá amach ón gcósta ann. Tá a cuid oibre le feiceáil i roinnt mhaith bailiúchán poiblí, ina measc taispeántais a d’óstaigh Comhairlí Contae agus Cathrach na Gaillimhe, Comhairle Contae Thiobraid Árann, Comhairle Ealaíon na hÉireann, Oifig na nOibreacha Poiblí, Banc na hÉireann, Áras Scríbhneoirí na hÉireann agus Ollscoil na hÉireann Gaillimh.

Chomh maith leis sin tá duaiseanna bainte amach ag Dolores mar dhearthóir amharclainne.  Sa mbliain 1999 fuair sí duais an Irish Times/BSL don dearadh ab fhearr. Is duine de bhunaitheoirí an ghrúpa ealaíontóirí AKIN í freisin.

An curach le Alannah Robins atá ar taispeáint in Áras Éanna. Grianghraf le Cormac Coyne.

ALANNAH ROBINS

Is í Alannah Robins bunaitheoir agus stiúrthóir an stiúideo agus clár cónaitheachta ‘Interface’ atá ar an gcósta thiar agus tá cleachtas ealaíne idirdhisciplíneach aici idir Éirinn agus an tSualainn. Glacann sí páirt agus léiríonn sí tograí aonair agus comhoibríocha sa dá thír ar bhonn rialta. Is céimí de chuid Choláiste Náisiúnta Ealaíne is Deartha Bhaile Átha Cliath í agus tá go leor coimisiún agus gradam buaite aici as a cuid oibre.

I measc na n-áiteacha a raibh taispeántais ag Alannah bheadh an tAcadamh Ibeirneach Ríoga, Baile Átha Cliath, Dialogue Cultural Space, Londain, Pasaj Independent Arts Space, Iostanbúl, Gailearaí Lapinlahti, Heilsincí agus Tegan 2 sa tSualainn, Detroit Stócólm, Gailearaí CC agus Kiruna Stadshus. Trína hobair idirdhisciplíneach bíonn deis ag Alannah baint an duine leis an nádúr a scrúdú. D’oibrigh sí i gcomhpháirt le ceoltóirí clasaiceacha agus trialacha sa tSualainn, i Stáit Aontaithe Mheiriceá agus in Éirinn.

NAOISE SHERIDAN

Bogann an t-ealaíontóir Éireannach Naoise Sheridan anonn is anall idir Gaillimh agus Cill Mhantáin. Is é an rud is mó a ndíríonn sí a cleachtas air ná ról atá ligthe i ndearmad, sin ról an duine sa domhan mar neach sa dúlra. Déanann sí pictiúir mhóra luibheolaíocha, suiteáin agus múrphictiúir nó ealaín sráide a dhíríonn ar neacha nádúraíocha i gcruth nocht ban.

Tá obair Naoise feicthe i gcuid mhaith seónna timpeall na hÉireann agus i 2020 ba í an chéad duine í a bhuaigh Open Submission Award Chlub Péintéireachta agus Sceitseála Bhaile Átha Cliath (DPSC). Ag deireadh na bliana anuraidh d’eagraigh agus léirigh sí taispeántas in Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe – Maigh Eo do na mic léinn ealaíne a raibh a gcéim díreach déanta acu. Cruthaíonn Naoise suiteáin freisin d’Fhéilte ceoil in Éirinn ar nós ‘Electric Picnic’ agus tá an tionscnamh ‘Bleached Jungles’ seolta aici, tionscnamh múrphictiúr a  mbíonn baint ag an bpobal leis agus a fhéachann le gnéithe den dúlra a thabhairt ar ais arís i spásanna uirbithe. Tá an bhliain dheireanach den chúrsa ‘Baitsiléir Ealaíon (Onóracha) san Ealaín Chomhaimseartha’ díreach críochnaithe i nGaillimh ag Sheridan in Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe – Maigh Eo.

An píosa le Áine Phillips. Grianghraf le Cormac Coyne.

ÁINE PHILLIPS

Is amharc-ealaíontóir, scríbhneoir agus acadóir lonnaithe i gCo. an Chláir í Áine Phillips. Is í atá i gceannas ar dhealbhóireacht i gColáiste Ealaíne Bhoirne.  Ó dheireadh na 1980óidí tá obair thaispeántais ilmheán déanta aici in Éirinn agus go hidirnáisiúnta trí thaispeántais, cuir i láthair, obair scáileán agus suiteáin dhealbhóireachta.

Is obair phobalghníomhach a dhéanann Áine agus tá tionscnaimh ealaíne cruthaithe freisin aici do chomhthéacsanna ilrogha, coimisiúin ealaín phobail, comhthéacsanna éagsúla pobail, imeachtaí sráide agus clubanna. Tá a cuid oibre mar pháirt de bhailiúcháin na Comhairle Ealaíon agus Ard-Mhúsaem na hÉireann. Tá suim aici i bhfealsúnacht fheimineach agus polaitíochta agus úsáideann sí a cuid ealaíon le tuairimí agus moltaí a thabhairt faoi shuibiachtúlacht, inscne agus athrú sóisialta.

SEÁN Ó FLAITHEARTA

Ba é Seán Ó Flaithearta, as Oileáin Árann ó dhúchas, an chéad ealaíontóir cónaithe a chaith seal in Áras Éanna agus tá a stiúideo féin aige i gCill Éinne. Bhain sé amach céim ealaíne i gColáiste Náisiúnta Ealaíne is Deartha, BÁC agus chaith sé tréimhsí ag staidéar sa Bheilg agus i SAM. Bhí taispeántais dá chuid oibre anseo in Éirinn agus thar lear.
I 2009 rinne Seán ionadaíocht ar son na hÉireann ag Féile Idircheilteach Lorient sa Bhriotáin agus i 2011 bhuaigh sé comórtas amharc-ealaíne Ciall (An Gailearaí, Dún na nGall). Tá a chuid dearaí úsáidte ag Ealaín na Gaeltachta, ag An Taibhdhearc, Amharclann na Mainistreach agus Gaillimh 2020. Tá spéis aige i gcuid mhaith gnéithe den domhan cruthaitheach agus oibríonn sé le compántais drámaíochta agus ar sheónna idirdhisciplíneacha, ar fhoilseacháin, taispeántais ealaíne, ealaín pobail agus suiteáin ealaíne.  Trína chuid oibre, a dhéileálann le ceisteanna sóisialta agus polaitiúla, fiafraíonn sé orainn cartadh síos faoi dhromchla an tírdhreacha le go dtiocfaidh muid ar dhomhan na scéalaíochta agus an léirmhínithe atá i bhfolach ann.

MARGOT QUINN

As An Longfort ó dhúchas í Margot Quinn agus oibríonn sí ina stiúideo féin ‘Josie’s Art Studio and Workshop’ i gCora Droma Rúisc, Co. Liatroma. Bíonn an stiúideo oscailte don phobal aici trí lá sa tseachtain le haghaidh taispeántais, ceardlanna priontaí agus imeachtaí ealaíon meáin mheasctha. Mar mhac léinn lánfhásta rinne Margot staidéar ar mhínealaín i Scoil Ealaíne Cass, Ollscoil Cathrach Londain (London Metropolitan University) agus bronnadh céim ‘Baitsiléir Ealaíon sa Mhínealaín’ (Onóracha) uirthi in 1995.

Tá 11 taispeántas aonair déanta aici chomh maith le taispeántais i go leor seónna grúpa in Éirinn agus i Sasana, ina measc, Iontas – Gailearaí Ealaíne Shligigh, Ionad Ealaíon Model, Sligeach, Ampersand – Ionad City Arts, Baile Átha Cliath, Small works – Gailearaí Elmwood, Béal Feirste, Taispeántas Cóisir (Banquet Exhibition) RHA Baile Átha Cliath, Art Aid Londain agus Clárlann Ealaíontóirí Brent, Londain. I measc na ngradam atá bainte amach aici tá Gradam Dealbhóireachta Iontas in 2001, Gradam Mac Léinn Owen Rowley in 1995, Ealaíontóir Cónaithe Mhuineacháin 2002.

PAT QUINN

Tá Pat Quinn, as An Longfort ó dhúchas, ina chónaí agus ag obair in Inis Oírr le breis is scór bliain. Tá aithne mhaith air mar amhránaí is scríbhneoir amhrán agus le scór bliain anuas is iomaí scairt gháire bainte as oileánaigh agus turasóirí ag amhráin bharúla, spraíúla, agus scaití polaitiúla dá chuid. Tá an fear cáiliúil Christy Moore ar dhuine den dream a chanann a chuid amhrán.

Cé go raibh taithí na mblianta ag Pat sa dearadh grafach ba le deireanas a thosaigh sé ag baint sásamh as an bpéintéireacht le linn na dianghlasála agus an t-oileán fíor-chiúin. Thóg sé briseadh ón gcanadh faoi Angelina Jolie agus an saol in Oileáin Árann le dhul ag péinteáil go rialta anseo in Inis Oírr agus tá slám torthaí dochreidte ar a chuid oibre.

An curachh a rinne cónaitheoir an oileáin Pat Quinn ar an láithreán gar do raic an Plassey. Grianghraf le Cormac Coyne.