Ag iompar na n-amhrán ar ais go Árann
Tá scéal a thosaigh ar Oileáin Árann i mí an Mhárta 2020 agus a rinne a bhealach chun na Tuirce trí níos mó ná 400 duine agus 50 teanga ina ábhar do thaispeántas iontach a osclófar in Áras Éanna Dé Máirt seo chugainn.
Cuireadh an scéal a thosaigh leis an scéalaí óg Liam O Falthearta ar Inis Mór ar aghaidh trí chluiche ollmhór de ‘Cogarnach Shineach (Chinese Whispers)’ mar chuid de thionscadal darb ainm ‘Carrying the Songs’.
Thaifead an t-ealaíontóir Alannah Robins gach leagan den scéal agus é ag dul ó Inis Mór go Iostanbúl, ag bogadh idir theangacha agus ar fud 29 tír ar fud na hEorpa le linn an dianghlas paindéime.
Rinne próiseas fís-ealaíne an turas céanna leis an scéal.
Cuireadh tús le líníocht freisin i Márta 2020 leis an ealaíontóir Seán O Fuillearta as Inis Mór agus ritheadh é trí ríomhphost.
Tá ríméad ar Áras Éanna fáilte a chur roimh an taispeántas ‘Carrying the Songs’ chuig ár ngailearaí ealaíne ón 10 Lúnasa go 23 Lúnasa agus 8 Meán Fómhair go dtí 30. Tá an taispeántas dúnta Dé Luain.
I measc na n-ealaíontóirí Éireannacha a ghlac páirt tá Seán O Flaithearta, Fionnuala Hernon, agus Cyril O Flaithearta as Inis Mór; ealaíontóirí na Gaillimhe Aoife Casby, Andrea Rossi, Lelia Ní Chathmhaoil, Maeve Curtis, Noelle Gallagher, Frank Monahan, Dolores Lyne, Louise Manifold, Leah Beggs, Selma Makela, Jennifer Cunningham, Angela Williams, Bernie Dignam, agus Margaret Irwin West; agus Breda Burns as Co Mhaigh Eo.
Tá ealaíontóirí as Albain, an Fhrainc, an Ghearmáin agus an Ísiltír le feiceáil sa taispeántas anseo in Áras Éanna freisin.
Buíochas le Creative Ireland, Oifig Ealaíon Chontae na Gaillimhe, Ealaín na Gaeltachta, Comhairle Ealaíon na hÉireann, agus an Federation of European Storytellers as tacú le ‘Carrying the Songs’.