Lá sona ag Áras Éanna

Lá sona ag Áras Éanna

An tUachtarán, Michael D. Higgins, agus a bhean chéile Sabina ag Áras Éanna inné. Grianghraf le Ciaran Tierney

Ba mhór an onóir é d’Aras Eanna Ionad Ealaíne fáilte a chur roimh Uachtarán na hÉireann, Michael D. Higgins, a bhean Sabina, agus a iníon Alice-Mary an lá a chaitheamh linn ar Inis Oirr inné.

Thug siad cuairt ar Aras Eanna chun cuid de na 21 curach sa taispeántas ‘Curacha’, a cheiliúrann ár 21ú breithlá mar ionad ealaíne, a fheicáil.

San amharclann, faoi threoir an Stiúrthóra Ealaíne Dara McGee, bhí an-áthas orthu na saothair ealaíne iontacha a rinne a seanchairde, an dealbhóir John Behan agus an péintéir Mick O’Dea a sheiceáil.

Thaitin na curacha eile go mór leo freisin.

Bhí an-spéis acu freisin sa stíl Mandala a d’úsáid an t-ealaíontóir Pacastánach Sadia Shoaib, atá ina cónaí i ‘Direct Provision’ i gContae Mhaigh Eo. Tá curach Sadia spreagtha ag na féileacáin atá le fáil timpeall Oileáin Árann.

Thug siad cuairt ar thaispeántas ‘Laethanta Sona – Saol ar an gCreig’ inár ngailearaí, a cheiliúrann mná Inis Oirr. Tá taifeadtaí ann de mhná a chónaíonn ar an oileán agus grianghraif iontacha le Cormac Coyne.

Breathnaíonn an taispeántas freisin ar an bpróiseas as ar eascair leagan Gaeilge de ‘Happy Days’ ar stáitse in áit speisialta ar chúl an oileáin.

 

Ag seiceáil ar an taispeántas ‘Curacha’ ag Áras Éanna. Grianghraf le Ciaran Tierney.

Le linn lóin anseo san ionad ealaíne, bhuail an tUachtarán agus Bean Ui hUiginn le Anne agus Máire Uí Cháthain – tá Ann mar chuid den taispeántas agus d’fhan an tUachtarán Higgins lena máthair, Máire, le linn cuairte ar an oileán blianta fada ó shin.

Bhuail siad freisin le hoileánaigh Tomás Noel Searraigh, Máirtín Celine Seoighe, agus Máirtín Stiofáin Seoighe, a thóg an dumha iontach ag breathnú amach ar Inis Meáin agus an tAigéan Atlantach don seó ‘Laethanta Sona’.

Tháinig an stiúrthóir Sarah Jane Scaife, a raibh an fhís aici ‘Happy Days’ le Samuel Beckett a chur ar stáitse amuigh faoin aer ar chúl an oileáin, isteach leis an Uachtarán agus le Mrs Higgins le haghaidh lóin san ionad ealaíne.

Ansin bhog páirtí an Uachtaráin go Creig an Staic ar chúl an oileáin, áit ar bhain siad taitneamh as taibhiú amuigh faoin aer de ‘Laethanta Sona’, faoi stiúir Sarah Jane agus leis na haisteoiri Brid Ni Neachtain agus Raymond Keane.

Ag fanacht ar Beckett. Grianghraf le Mark O’Brien.

Tar éis an seó, bhuail siad le foireann an dráma, an léiritheoir Tim Scott, an bainisteoir léiriúcháin Emma O’Grady, an t-aistritheoir Micheal O Conghaile, agus daoine eile a ghlac páirt i stáitse an seó iontach seo.

Ar an mbealach ar ais go dtí an gcéibh, bhí am acu stopadh ag séipéal an oileáin chun an currach iontach le Kathleen Furey a fheiceáil, atá spreagtha ag fuinneóg gloine dhaite le Harry Clarke.

Sular fhág siad an t-oileán, líneáil leanaí ó Inis Oirr an bóthar ar gach taobh den chéibh chun slán a fhágáil ag an Uachtarán agus le Bean Uí hUiginn.

Lá sona ar an oileán!

  • Is é Company SJ agus Amharclann na Mainistreach a tháirgeann ‘Lá Sona’ i gcomhar le Áras Éanna. Is cuid d’Fhéile Idirnáisiúnta Ealaíon na Gaillimhe 2021 é. Tá an taispeántas ar oscailt gach lá go dtí an Domhnach, 5ú Meán Fómhair (10rn go 5in). Tá roinnt ticéad fós ar fáil don dráma ‘Laethanta Sona’ ag https://booking.abbeytheatre.ie/events/14455?hidedate
Brid Ni Neachtain i ‘Laethanta Sona’. Grianghraf le Cormac Coyne.
Ag tógáil an dumha don seó. Grianghraf le Cormac Coyne.