Ómós d’ár stair ghlórmhar

Home / Imeachtaí / Ómós d’ár stair ghlórmhar
Ómós d’ár stair ghlórmhar

Ómós d’ár stair ghlórmhar

Má thugann tú cuairt ar Inis Oirr idir seo agus 12 Meán Fómhair, déan cinnte cuairt a thabhairt ar eaglais an oileáin chun curach a phéinteáil an ealaíontóir Kathleen Furey a sheicáil.

Chinn Kathleen a gcurach a phéinteáil le ómós do phictiúr fuinneoige gloine dhaite de St Gobnait le Harry Clarke atá le feicáil i Séipéal Honan i gCorcaigh.

Fuair Kathleen amach gur chaith Clarke sé samhraí ar Inis Oirr. Tá fuinneoga áille le Harry Clarke sa séipéal ar ár n-oileán comharsanachta, Inis Meáin.

Níl ann ach ceann de 21 curach álainn atá lonnaithe ar fud an oileáin mar chuid den taispeántas ‘Curacha’ a cheiliúrann 21 bliain d’Aras Éanna mar ionad ealaíon.

Tá seacht gcinn de na píosaí ar taispeáint taobh istigh den amharclann in Áras Éanna (oscailte Dé Máirt go Domhnach, 11rn go 4in) agus tá ceithre cinn sa chlós taobh amuigh dár bhfoirgneamh. Tá an deichniúr eile ag láithreacha timpeall chósta an oileáin.

Déan an turas! Ní bheidh díomá ort.

Le déanaí, scríobh muid faoi sheachtar de na healaíontóirí atá ag glacadh páirte sa taispeántas ‘Curacha’.

Sa lá atá inniu tá seacht gcinn eile againn, ina measc beirt de na healaíontóirí is cáiliúla in Éirinn, Mick O’Dea agus John Behan RHA.

 

An curach le Ger Sweeney, ag breathnú amach ar Inis Meáin. Grianghraf le Ciaran Tierney.

GER SWEENEY

Tá an t-ealaíontóir Ger Sweeney lonnaithe i Maigh Eo agus oibríonn sé go príomha mar phéintéir teibí. Bhí go leor taispeántas aige in Éirinn, san Eoraip agus sna Stáit Aontaithe. Le 30 bliain anuas áiríodh a chuid oibre i gcuid mhaith bailiúchán poiblí agus príobháideach, ina measc bailiúcháin Oifig na nOibreacha Poiblí, Áras an Uachtaráin agus Parlaimint na hEorpa.

Tá breis is deich mbliana fichead tugtha ag Ger ag obair ar íomhánna den tírdhreach agus íomhánna teibí. Faoi láthair tá obair nua á dhéanamh aige don seó a bhéas aige in Ionad Ealaíon na Gaillimhe, seó a bhéas ann ag an am céanna le Féile Idirnáisiúnta Ealaíon na Gaillimhe, a cuireadh ar gcúl go Meán Fómhair 2021.

MICK O’DEA

Cónaíonn agus oibríonn an péintéir agus dealbhóir Mick O’Dea in Éirinn. Bhí sé ina Uachtarán seal ar an Acadamh Ibeirneach Ríoga, is ball d’Aosdána agus ball oinigh d’Acadamh Ríoga na hAlban é, is Comhalta den tSochaí Anatamaíoch é, is é atá ina Chathaoirleach ar Choiste Comhairleach Dearadh Stampaí An Post agus is iarbhall de Bhord Gobharnóirí agus Caomhnóirí Ghailearaí Náisiúnta na hÉireann é.

Tá obair dá chuid i go leor bailiúchán poiblí agus corparáideach in Éirinn, i Laitvia, sna Stáit Aontaithe agus sa bhFrainc, ag áireamh Gailearaí Náisiúnta na hÉireann, Gailearaí Cathrach Crawford i gCorcaigh, an tAcadamh Ibeirneach Ríoga, An Ceoláras Náisiúnta, Tithe an Rialtais agus Teach Laighean. Tá obair dá chuid freisin i gcuid mhaith bailiúchán príobháideach san Eoraip, sna Stáit Aontaithe agus san Áise.

 

Kathleen Furey lena curach. Grianghraf le Rynes Walker.

KATHLEEN FUREY

Is as Gaillimh í Kathleen Furey, tá sí lonnaithe in Uachtar Ard agus is duine de bhunaitheoirí ‘Artspace Studios’ í. Rinne Kathleen staidéar ar an bpéintéireacht i Scoil Ealaíne agus Deartha Luimnigh agus bhain amach a céim in 1984. Breathnaíonn sí, sna píosaí oibre is deireanaí atá déanta aici, ar an gcaoi a dtagann muid ar lorg daoine a tháinig romhainn agus an bhrí a bhaineann muid as a gcuid scéalta agus stair.

Taispeánadh a cuid oibre, péinteáil, líníocht agus priontaí meáin mheasctha, sa tír seo agus thar lear agus tá a cuid oibre le feiceáil chomh maith i mbailiúcháin poiblí agus príobháideacha. Phéinteáil Kathleen macasamhail den fhuinneog dhaite de Naomh Gobnait a rinne Harry Clarke, agus atá i séipéal Honan i gCorcaigh, anuas ar churrach don togra seo. Sa mbunleagan feictear beacha mórthimpeall ar Naomh Gobnait agus í ag ruaigeadh na plá.

‘An Phéist’ le Jennifer Cunningham agus Tim Acheson. Grianghraf le Cormac Coyne.

JENNIFER CUNNINGHAM
AGUS TIM ACHESON

Is amharc-ealaíontóir í Jennifer Cunningham a oibríonn le go leor meán, ina measc, péint, déanamh priontaí, líníocht, déanamh samhaltán, scannáin agus meáin dhigiteacha, dearadh amharclainne agus seiteanna. Tá go leor duaiseanna faighte aici as a cuid oibre ag áireamh an ‘Thomas Damann Travel Award’ (2008) agus ‘Taylor Art Award’ (2002). Tugadh léirmheas cúig réalta san ‘Irish Times’ dá seó aonair ‘After the Future’ a bhí ar aghaidh ag Féile Idirnáisiúnta Ealaíon na Gaillimhe i 2018.  I 2020 choimisiúnaigh Féile Idirnáisiúnta Ealaíon na Gaillimhe í le póstaer na Féile a dhearadh.

D’oibrigh a páirtí Tim Acheson ar an togra seo in éineacht léi. Tá Tom lonnaithe i dTuaim, is amharc-ealaíontóir é agus is ag cruthú rudaí, ag taifeadadh físeán agus ag taifeadadh allamuigh a bhíonn sé ina chleachtas.  Bhí Tim ina bhall de ‘Engage Art Studios’ ó 2009-2015 agus is ball é faoi láthair d’Interface Inagh. Is minic Jennifer agus Tim ag obair i bpáirt agus rinneadar amhlaidh i dtaispeántais do Ghaillimh 2020, 126, M.A.R.T, agus don Acadamh Ibeirneach Ríoga.

An curach le Dara McGee. Grianghraf le Cormac Coyne.

DARA McGEE

Is céimí Mínealaíne de chuid Choláiste Ealaíne Bhéal Feirste é Dara. Tá obair déanta aige mar dhearthóir seiteanna agus léiriúcháin le haghaidh scannáin, amharclanna agus teilifís. Ba é an dearthóir léiriúcháin do scannán Mháirtín Uí Chadhain “Cré na Cille” é agus tá seiteanna deartha aige do chuid mhaith cuideachtaí amharclannaíochta, ina measc, Taibhdhearc na Gaillimhe, Fibín, Amharclann Decadent agus Macnas.

Chonacthas a chuid oibre i roinnt mhaith taispeántas aonair agus grúpthaispeántas in Éirinn agus san Iorua. Is as Bóthar na Trá i nGaillimh é Dara agus tá sé ina Stiúrthóir Ealaíne ar Ionad Ealaíon Áras Éanna in Inis Oírr ó 2017.

BREDA BURNS

Is ealaíontóir closamhairc í Breda Burns a oibríonn le meascán meán agus tograí idirdhisciplíneacha. Bíonn páirt rialta aici i gcleachtas pobalghníomhach a chónascann fuaim, físeáin, craoladh raidió, léiriú agus íomhánna mórscála. I measc na n-áiteacha a raibh  taispeántais aonair dá cuid bheadh Gailearaí Hamilton, Gailearaí Luan, Gailearaí Green Fuse, An tIonad Model Arts, Áras Inis Gluaire, Gailearaí Chlár Chlainne Mhuiris agus Teach an Chustaim.

Ar na gradaim agus cónaitheachtaí atá bainte amach aici tá Duais-sparánacht Amharc-Ealaíne ó Chomhairle Ealaíon na hÉireann, Krems, An Ostair, Ballinglen Arts Foundation agus Farbe Bekennen, An Ghearmáin. Bronnadh an Gradam Ealaíontóir Bhealtaine 2017 uirthi.  Oibríonn sí óna stiúideo féin i gCathair na Mart, Co. Mhaigh Eo.

Curach John Behan RHA sa taispeántas ‘Curacha’. Grianghraf le Cormac Coyne, Inis Oirr.

JOHN BEHAN R.H.A.

Rugadh John Behan, dealbhóir seanbhunaithe le stádas idirnáisiúnta, i mBaile Átha Cliath i 1938.  Is i gcathair na Gaillimhe a chónaíonn agus a oibríonn sé anois. Leagadh síos bunchloch rathúlachta Behan sna 1960aidí tráth a bhfuair sé a chuid oiliúna i Londain agus in Osló agus ar thosaigh sé ag cur a chuid oibre ar taispeáint go forleathan.

Ach bhí fís ealaíne níos leithne aige agus thug dúshlán éilíteachas bhunaíocht na healaíne agus d’fhéach leis an ealaín a scaipeadh. Bhí John i measc lucht bunaithe an ghrúpa ‘New Artists’ i 1962 agus i 1967 ‘Project Art Centre’ nuálach Bhaile Átha Cliath. Tá go leor gradam bronnta air, bhí sé ina chomhlach den Acadamh Ibeirneach Ríoga ó 1973 agus i 1990 déanadh ball de. Is ball freisin d’Aosdána é.

  • Beidh an taispeántas ‘Curacha’ ar Inis Oirr go dti an Satharn, 11ú Meán Fómhair.

Léigh faoi seachtar ealaíntóirí eile sa taispeántas ‘Curacha’ ag an nasc seo: https://aras-eanna.ie/teigh-in-aithne-ar-na-healaiontoiri/