Are you there Una?
ARE YOU THERE UNA? le Elaine Mears á chur i láthair ag Féile Amharclannaíochta na Gaillimhe
ARE YOU THERE UNA? le Elaine Mears á chur i láthair ag Féile Amharclannaíochta na Gaillimhe
Fishamble: Cuireann An Compántas Nua Drámaíochta an dráma BEFORE ar stáitse. Dráma nua le neart ceoil le Pat Kinevane
Crowman le Jon Kenny. Scríofa agus stiúrtha ag Katie Hollie.
Tabharfar scéal ceannaire feimineach fíochmhar, maraí, agus máthair as Iarthar na hÉireann ar an saol i léiriú speisialta stáitse 50 nóiméad in Áras Éanna Ionad Ealaíne, Inis Oirr, oíche Dé Céadaoin, 4ú Bealtaine (8in). Insíonn an seó seo, atá as Gaeilge don chuid is mó agus oiriúnach don teaghlach ar fad, scéal Gráinne Ní Mháille,...
Tá tionscadal seiftithe leis an gceoltóir / físealaíontóir The Curly Organ (Donal McConnon) ina lorgaíonn sé nasc le baill den phobal trí chluigíní ag teacht go hInis Oirr ar feadh dhá lá agus oíche ar an 31 Iúil agus 1 Lúnasa. Beidh Donal i dteagmháil le baill den phobal amuigh faoin aer anseo ar an...
Manchán Magan sa seó 'Arán & Im' Tá an scríbhneoir agus déantóir clár faisnéise mór le rá Manchán Magan ag teacht go dtí Áras Éanna le seó nua 70 nóiméad a cheiliúrann an Ghaeilge ar bhealach tarraingteach, inrochtana trí arán agus im úr bhácáilte. Is taibhiú drámaíochta é Arán & Im ina bhácálann Manchán arán...
Tá Brú Theatre ag tabhairt seó ildisciplíneach spreagúil nua dar teideal ‘Selvage’ chuig amharclann Áras Éanna ar an Dé Sathairn, 8ú Deireadh Fómhair (8in). Scríofa ag an stiúrthóir ealaíne James Riordan agus arna stiúradh ag Lara Campbell, is imeacht amharclainne é ‘Selvage’ a úsáideann foirmeacha éagsúla de thaibhléiriú beo chun scéal Jo a insint ar...
Humans: Ceoldráma Róbait Tá an seachtú ceolghrúpa róbait is fearr sa domhan – bhuel, bhí siad ar an cúigiú dream ab fhearr ach chuaigh sé sa gceann acu – ag tabhairt faoi cheoldráma NUA. Cuirfear ar stáitse é do na róbait uilig i chuile áit agus míneofar ann céard iad Daoine. Beidh gach rud...
"It takes courage to grow up and become who you really are" E.E. Cummings Spreagtha ag fíorscéalta, is dráma nua grinn oilbhéasach é THE BRÓD, THE BOLD, & THE BEAUTIFUL, atá bunaithe ar thaithí daoine LGBTQ+ na hÉireann le 30 bliain, ina bhfiosraítear na dúshláin agus an t-aoibhneas a bhaineann le saol duine óg LGBTQ+ sa...
Bliain ó bhásaigh Martin - leannán Angie- agus tá a theaghlach tagtha ar cuairt ag a uaigh. Coinníonn Angie súil orthu ó shábháilteacht a cairr, atá i bhfolach faoin gcrann iúir. Fanann sí i bhfolach, is a brón go domhain ina croí. Cuimhníonn sí ar na sionnaigh, ag teacht ar nós sruth smaointe gránna….. VIXEN...
San eachtra spraíúil tumthach seo tá lucht na farraige ag ól tae feamainne istigh i bhfoirgnimh aisteacha faoin uisce. Cócarálann ‘Seagull John’ éin bhána os cionn tinte bruscair agus i mbrionglóidí ón todhchaí iniúchtar caillteanas, tuair cheatha agus buairt i spás tairseachúil atá trína chéile de bharr anord aeráide. Tugann an draíodóir (Ali Keohane)...
Tá an bhean ghrinn, a bhfuil gradaim bainte amach aici, agus atá ina banríon ar ghreann neamhghnách na hÉireann, Áine Gallagher, amuigh le cruthú go bhfuil labhairt na Gaeilge sodhéanta agus greannmhar. Trí úsáid a bhaint as a stíl ait agus fuarchúiseach mar a huirlis rúnda sa seó grinn fíoruathúil seo, déanann Áine iniúchadh ar...
Tá dráma nua dar teideal Ar An Dé Deiridh, atá bunaithe ar sheanchas agus stair Chonamara atá ag tabhairt beocht do scéalta agus logainmneacha ársa na háite ag teacht go hInis Oírr Dé Máirt 16ú Iúil. Á léiriú ag Gliogar, cnuasach ealaíontóirí Chonamara, agus le Caoimhghín Ó hEoghusa mar phríomh-aisteoir, tá an dráma seo ag cur...
Is scéal é 'Nettle Horse' faoi fhear a dhíolann ciaróga inite ag aonach capall, bean a bhfuil cead pleanála díreach faighte aici chun pirimid a thógáil agus capall ag ithe neantóga. Is aistear (odyssey) amharclainne claochlaitheach é 'Nettle Horse' leis an scríbhneoir, taibheoir agus ceoltóir Little John Nee. Tugtar cuireadh don lucht féachana dul isteach...
Tugann ‘We Built This City on Rock and Coal’ eolaithe agus lucht amharclannaíochta chuig ceantar tuaithe iarthar na hÉireann do sheó coiméide comhchruthaithe bunaithe ar hopepunk, taighde aeráide, ceol agus na nithe is mó a mbíonn suim ag an bpobal áitiúil iontu. Seó é seo a thaitneoidh leat agus atá go maith don domhan! Creidimid gur...
Zeitgeist Jukebox Satharn 19 Iúil 8:30i.n. Ar an oíche áirithe seo, buaileann roinnt daoine le chéile ag seanstór, de bharr fógra a chonaic siad crochta ar chuaille solais. Cuireadh a bhí sa bhfógra a bheith páirteach sa mbanna ceoil is aistí dá raibh riamh ann chun an t-albam is fearr den aonú haois is fiche...
Is freagra ceolmhar é Achill Island, Basking Shark Fishermen, ar thionscal iascaireachta na liamhán gréine in Acaill, atá ag féachaint leis an gcuid thábhachtach seo d’oidhreacht an oileáin a chaomhnú do na glúnta atá le teacht. D’eisigh “The Achill Sound” a gcéad albam Isle of the Eagle i mí Lúnasa 2023 agus tá siad anois...
Sheep! Amharclannaíocht Am Lóin – 1i.n. Dé Sathairn, 23 Lúnasa Is dráma faoi chaoirigh é Sheep! Ní faoi dhaoine é, Ní fútsa. Ach amháin…. gur fúinn uilig é, faoi thréada agus muintearas – agus foréigean a chuireann faitíos orainn breathnú sna súile ar aon duine ar fhaitíos aird nach dteastaíonn. Dráma atá á fhorbairt ina...
Tráthnóna scéalaíochta le Tommy Tiernan & Martin Shaw Is féidir labhairt faoin taobh saghas aisteach den saol tríd an scéalaíocht. Faoi cheilt sna seanscéalta tá stair rúnda faoin domhan. Tá Tommy Tiernan agus Martin Shaw ag tabhairt faoi chamchuairt ina dtugann siad cuireadh duitse dul leo. Ní seó grinn ná léamh liteartha atá i gceist,...