- This event has passed.
Before
Meitheamh 29, 2019 @ 8:30 pm - 10:30 pm
Fishamble: Cuireann An Compántas Nua Drámaíochta an dráma BEFORE ar stáitse.
Dráma nua le neart ceoil le Pat Kinevane
Ón bhfoireann céanna é seo a léirigh Forgotten, Underneath agus Silent a bhain amach gradam Olivier. Is dráma nua é Before le neart ceoil agus é bunaithe i Clerys Bhaile Átha Cliath ar an lá díreach a ndúnann an siopa mór seo – den uair dheireanach. Tá Pontius sa siopa ag iarraidh bronntanas a roghnú dá iníon nach raibh aon bhaint aige léi le beagnach 20 bliain. Beidh sé ag casadh léi i gceann uair an chloig. Tá turas an athar seo aisteach agus álainn, ó iargúltacht a thí i Lár na Tíre go fuadar Shráid Uí Chonaill. Ní féidir ceannach do dhaoine áirid…
Rinne Fishamble coimisiúnú ar Before agus cuireadh le chéile é le tacaíocht ón gComhairle Ealaíon, An Stiúideo Amharclannaíochta Náisiúnta (Londain), Amharclann an Pavilion, Ceolfhoireann RTÉ, Georganne Aldrich Heller, Robert Leroy, agus Líonra Camchuairte na Strollers.
‘Kinevane’s performance works like a spell… a real showstopper’
★★★★ Irish Times
“extraordinary collaboration… soul-searching, achingly touching gem…‘
★★★★ Sunday Times
‘a singular pleasure’
★★★★ Sunday Business Post
Cead Isteach: 8.30i.n. ar an toirt. Níl feiliúnach do dhream faoi 15.
Mar gheall ar an gcineál seó atá i gceist ní ligfear isteach aon duine a bhíonn deireanach.