- This event has passed.
Crowman le Jon Kenny

CROWMAN LE JON KENNY
Scríofa agus stiúrtha ag Katie Hollie
Coiméide dorcha agus Jon Kenny ag aisteoireacht ann ag léiriú uaigneas an fhir seo – agus a ghráin galrach ar phréacháin. Tá rud amháin in intinn Dan, sin chuile phréachán a dhéan aon dochar dá chuid talún nó dá shaol ag am ar bith a scaipeadh, a bhascadh nó a mharú. Tá sé furasta leis áfach imeacht ar seachrán ar thurais samhlaíochta agus ar chuimhní faoi imeachtaí óna shaol atá thart anois, faoi liosta na seachtaine de shochraidí agus d’Aifrinn a gcaithfidh sé dul acu, comhráití samhalta lena mhadra deas caorach agus scuaine tráchtairí rása, cócairí teilifíse agus David Attenborough – é seo uilig le go gcloisfidh sé glór seachas a cheann féin. “Coiméide Dorcha Fíorghreannmhar” & “Iontach” – Arena, RTÉ “Tá Kenny thar barr ar fad anseo” – Irish Examiner