Loading Events

« All Events

For the love of Milseáin

Dé hAoine July 5 @ 8:30 pm - 10:00 pm

Tá an bhean ghrinn, a bhfuil gradaim bainte amach aici, agus atá ina banríon ar ghreann neamhghnách na hÉireann, Áine Gallagher, amuigh le cruthú go bhfuil labhairt na Gaeilge sodhéanta agus greannmhar. Trí úsáid a bhaint as a stíl ait agus fuarchúiseach mar a huirlis rúnda sa seó grinn fíoruathúil seo, déanann Áine iniúchadh ar an ngrá, ar bhácáil cácaí muga agus ar dhéanamh dearmad. Is dráma grinn dátheangach ach sothuigthe é, a spreagfaidh do ghrá don teanga in athuair agus a thabharfaidh ar ais do chúpla focal.

Toisc nach cainteoir líofa í Áine, tuigeann sí an faitíos a bhíonn ar dhaoine nuair a thagann sé go dtí ár dteanga dhúchais. Sin é an fáth go bhféachann sí leis an lucht féachana a spreagadh trína cuid scéalta a roinnt leo, scéalta óna haistear féin ag foghlaim na Gaeilge, ar nós nuair a chas sí leis an Uachtarán Mícheál D. Ó hUiginn agus tubaistí eile mar sin.

Trína stíl fhuarchúiseach, neamhghnách agus fíoruathúil, níl aon dabht nach músclóidh Áine do ghrá don Ghaeilge, fiú murar chuala tú focal riamh. Tar amach mar sin le go bhfeicfidh tú “FOR THE LOVE OF MILSEÁIN”, suigh siar agus faigh spreagadh as scéalta greannmhara Áine.

Ticéid €15/€20  ar fáil anseo

 

Details

Date:
Dé hAoine July 5
Time:
8:30 pm - 10:00 pm
Event Category:

Venue

Áras Éanna

Organizer

Áras Éanna
Phone
099 35005
Email
eolas@aras-eanna.ie
View Organizer Website