Loading Events

« All Events

  • This event has passed.

Amazing Grace

Bealtaine 4, 2022 @ 8:00 pm - 9:00 pm

€5 – €10

Tabharfar scéal ceannaire feimineach fíochmhar, maraí, agus máthair as Iarthar na hÉireann ar an saol i léiriú speisialta stáitse 50 nóiméad in Áras Éanna Ionad Ealaíne, Inis Oirr, oíche Dé Céadaoin, 4ú Bealtaine (8in).

Insíonn an seó seo, atá as Gaeilge don chuid is mó agus oiriúnach don teaghlach ar fad, scéal Gráinne Ní Mháille, an ceannaire ó Iarthar Mhaigh Eo, a thaistil go Londain chun bualadh leis an mBanríon Eilís I.

Is í Hillary Bowen-Walsh a scríobh agus a stiúrann ‘Amazing Grace’. Spreagadh í chun é a scríobh le linn cónaitheachta le hÁras Éanna mí Dheireadh Fómhair seo caite.

Beidh na haisteoirí Ailish Carey, Seamus Hughes, agus Brian O Suilleabhán páirteach sa seo. Is í Orla Kelly-Smyth an bainisteoir turas.

Tá cead isteach €10 do dhaoine fásta agus €5 do pháistí.

 

Details

Date:
Bealtaine 4, 2022
Time:
8:00 pm - 9:00 pm
Cost:
€5 – €10
Event Category:
Event Tags:
, , , ,

Venue

Áras Éanna

Organizer

Mumbo Top