- This event has passed.
Vixen
Meitheamh 8, 2024 @ 8:30 pm - 10:00 pm
Bliain ó bhásaigh Martin – leannán Angie- agus tá a theaghlach tagtha ar cuairt ag a uaigh. Coinníonn Angie súil orthu ó shábháilteacht a cairr, atá i bhfolach faoin gcrann iúir. Fanann sí i bhfolach, is a brón go domhain ina croí. Cuimhníonn sí ar na sionnaigh, ag teacht ar nós sruth smaointe gránna….. VIXEN scríofa ag Helen Casey, léirithe ag Rose Henderson agus le Daire Kelly mar oibreoir teicniúil, is dráma mealltach síceolaíoch é maidir le diongbháilteacht, teacht aniar agus mian na mná seo a leannán rúnda a ainmniú cé go bhfuil sé pósta le bean eile.
Dráma dodhearmadta agus draíochtúil ina bhfiosraítear an grá, folús ceilte agus fírinní míshuaimhneacha go domhain. De réir mar a thugtar léargas níos fearr dúinn ar shaol Angie téann na mothúcháin ó ghliondar go gruaim, lán le teannas agus crá croí. Nach fearr titim i ngrá agus cailleadh amach …. Nó an fearr?
Ticéid €15/€20 ar fáil anseo: