- This event has passed.
Zeitgeist Jukebox

Zeitgeist Jukebox
Satharn 19 Iúil 8:30i.n.
Ar an oíche áirithe seo, buaileann roinnt daoine le chéile ag seanstór, de bharr fógra a chonaic siad crochta ar chuaille solais. Cuireadh a bhí sa bhfógra a bheith páirteach sa mbanna ceoil is aistí dá raibh riamh ann chun an t-albam is fearr den aonú haois is fiche a chur le chéile. Leagtha ansin bhí trealamh taifeadta bunúsach a bhí réidh le húsáid, an t-am ag sleamhnú leis … anois nó riamh.
Is eispéireas amharclannaíochta tumthach é Zeitgeist Jukebox ina léirítear scéalaíocht mháistriúil Little John Nee, leigheas machnamhach ar an dícheangal a mhothaíonn daoine sa lá atá inniu ann agus léiriú ar chumas leighis an cheoil. Tá camchuairt náisiúnta den seó díreach críochnaithe, agus bhí an lucht féachana an-tógtha go deo leis.
Suigh siar, glac scíth agus déan neart gáire. Má théann an ceol i bhfeidhm ort, léim suas agus glac páirt.
Is scríbhneoir agus taibheoir bisiúil é Little John Nee atá ag cur faoi in iarthar na hÉireann Tá stíl amharclannaíochta ar leith cruthaithe aige, scéalaíocht cheolmhar ar a dtugann sé “punc séimh”. In 2024 thug sé faoi chamchuairt fhairsing le Nettle Horse, lena n-áirítear seónna in Ionad Cultúir na hÉireann i Londain.
Ticéid €25 & €20 anseo
