Déanann scoil Inis Oirr físeán ag lorg scoláirí nua

Déanann scoil Inis Oirr físeán ag lorg scoláirí nua

 

le Ciarán Tierney

Tá achainí déanta ag Príomhoide mheánscoil Inis Oírr, an t-oileán is lú d’Oileáin Árann, ag iarraidh go dtiocfadh scoláirí ón mórthír ag cónaí in Inis Oírr le fonn go gcoinneoidís an líon scoláirí agus múinteoirí atá acu.

D’oibrigh Coláiste Ghobnait i bpáirt le hÁras Éanna, ionad ealaíon an oileáin, ar fhíseán nua ceithre nóiméad ina dtugtar léiriú ar an sult a bhaineann le bheith ag cónaí agus ag staidéarar an oileán Gaeltachta seo i gCo na Gaillimhe.

Beidh deontas ar fáil do scoláirí as áit ar bith in Éirinn ar mian leo a gcuid staidéir a dhéanamh ar an oileán, áit a bhfuil an teanga Ghaeilge beo bríomhar agus an fhoghlaim trí mheán naGaeilge ina cuid lárnach d’éiteas na scoile.

D’iarr Bríd Ní Dhonnacha, príomhoide na scoile, cúnamh ar Áras Éanna le léiriú a thabhairt ar na buntáistí a bhaineann le freastal ar scoil bheag mar seo, de bhrí nach mbeidh ach dalta amháin ag dul isteach i gColáiste Ghobnait ón mbunscoil i míMheán Fómhair seo ag teacht.

Daonra de 300 atá in Inis Oírr. Sa bhfíseán seo tá agallaimh le daltaí atá an-tógtha go deo le suáilceas mhuintir an oileáin, leis an teanga agus cultúr agus leis an suaimhneas agus Saoirse a bhaineann le bheith ag cónaí in áit chomh deas leis seo ar imeall an Aigéin Atlantaigh.

“Tá na ranganna an-bheag anseo” a dúirt Bríd. “Cuireann tú an-aithne ar na scoláirí agus éiríonn thar barr leo idtimpeallacht mar seo. Is é an láidreacht is mó ná go bhfuil meas againn uilig ar a chéile agus dá bharr seo go mothaíonnna scoláirí sábháilte agus sásta.

“Cuireann na scoláirí ón mórthír go mór leis an scoil ar go leor bealaí éagsúla, go sóisialta agus ag casadh le daoine nua agus is cuid den phobal iad. Is mór an tairbhe dúinn iad anseoin Inis Oírr. Na scoláirí a thagann anseo, cinnte foghlaimíonnsiad le bheith neamhspleách, freagrach agus forbraíonn siad go hacadúil agus go sóisialta”

Sular thosaigh Coláiste Ghobnait i 1985 chaitheadh daoine óga an oileáin freastal ar mheánscoil ar an mórthír. Le hoscailt nascoile tháinig beocht san oileán agus bhí déagóirí in ann fanacht in Inis Oírr taobh amuigh de bhuaicshéasúr na turasóireachta.

Tá Bríd Ní Dhonnacha ag súil go spreagfaidh an físeán seo daoine óga eachtracha le theacht agus páirt a ghlacadh i gcultúr na Gaeilge ar Oileáin Árann agus scileanna saoil a bhaint amach dóibh féin.

Tá deontas ceantair iargúlta ar fáil ón Roinn Oideachais dóibh sin a chónaíonn i gceantair nach bhfuil oideachas dara leibhéal trí mheán na Gaeilge ar fáil iontu. Is fiú thart ar €5,000 an deontas agus clúdaíonn sé costas lóistín agus béilíle Bean an Tí ar an oileán.

Téann formhór na scoláirí abhaile gach dara deireadhseachtaine.

“Sa gcuid is mó scoileanna ar an mórthír bheadh 30 sa seomraranga ach anseo is seisear a bheadh sa rang is mó. Feiceann túláithreach go gcuireann na múinteoirí an-aithne ar a gcuidscoláirí agus i dtimpeallacht mar seo téann na scoláirí chun cinn go maith ina bhforbairt” a dúirt Bríd Ní Dhonnacha.

“Is bealach maireachtála an-difríocht é. Níl fuadar ar dhaoine.Tá sé go hálainn. Bíonn seans sásamh a bhaint as an saol, breathnú ar na radharcanna agus ar na háiteacha thart timpeall agus cinnte tá an t-ádh dearg orainn a bheith inár gcónaí i spota chomh deas den domhan”.

Is iad Justin McCarthy, Ciarán Tierney, Cormac Coyne agus Rebeccna Ní Chríocháin a chuir an físeán seo le chéile agus is iad The Raines atá i mbun an cheoil.

“Blianta ó shin, b’éigean do dhaoine ón oileán imeacht chuigscoil chónaithe agus chailleadar an ceangal leis an oileán”, a dúirt Bríd. “D’fhág roinnt mhaith daoine óga le dul chuigscoil chónaithe agus níor tháinig ar ais riamh le cónaí anseo”.

“Ach de bharr scoil a bheith anseo beidh ár bpobal beo agus inmharthana ar feadh glúnta amach anseo. Is buntáiste eile é go gcruthaíonn na daoine óga a thagann anseo an-cheangalleis an oileán. Tagann siad ar ais chuig an oileán blianta fada i ndiaidh dóibh an scoil a fhágáil agus bíonn míle fáilte ag na seanchairde a rinneadar rompu. Tá áit againn sa scoil do dhaoine agus ba bhreá linn go rachaidís i dteagmháil linn”.

Chun tuilleadh eolais a fháil maidir le dul ag cónaí nó ag staidéar anseo téigh i dteagmháil le Bríd ag (087) 2232520 nóseol r-phost chuici – brid.nidhonnacha@gretb.ie Tá cuntas Twitter, Facebook, agus Instagram ag Coláiste Ghobnai agus suíomh idirlinn ag Baile – Coláiste Ghobnait (colaisteghobnait.com)

 

Bríd Ní Dhonnacha ag labhairt le Nuacht RTÉ faoin feachtas. Grianghraf le Ciaran Tierney.