Dhá thaispeántas a bhfuil dlúthcheangal acu le Inis Oirr

Dhá thaispeántas a bhfuil dlúthcheangal acu le Inis Oirr

Mick Mulcahy ar ais ar Inis Oirr.

le Ciarán Tierney

An deireadh seachtaine seo chugainn, in Áras Éanna, Ionad Ealaíon Inis Oirr, osclófar dhá thaispeántas a bhfuil dlúthcheangal acu le hOileáin Árann.

Tráthnóna Dé hAoine (8i.n.), i ngailearaí ealaíne Áras Éanna, nochtfaidh Mick Mulcahy, duine de na healaíontóirí is cáiliúla in Éirinn, taispeántas iardhearcach dá shaothar – agus pictiúir nua óna chónaitheacht i mbliana ar Inis Oirr.

An lá dár gcionn (Dé Sathairn, 9ú Iúil), seolfar ‘Pictiúir Daite d’Árann Ársa’ sa chlós taobh amuigh ag ócáid speisialta le léiriú ceoil ón gcumadóir áitiúil, MacDara Ó Conaola.

De bharr an-tóir a bheith ar na leabhair ‘Old Ireland in Colour’, tá John Breslin agus Sarah-Anne Buckley ó OÉ Gaillimh ag tabhairt 20 seanghrianghraf daite a bhaineann le trí Oileán Árainn chuig suíomh amuigh faoin aer ar Inis Oírr, áit a mbeidh siad le feiceáil go dtí deireadh mhí Mheán Fómhair.

Ba é Mulcahy an chéad ealaíontóir riamh a chuir taispeántas ar siúl sa bhfoirgneamh ina bhfuil an t-ionad ealaíon is faide siar san Eoraip anois. Tar éis geimhreadh a chaitheamh ar Inis Oirr ag deireadh na 1980idí, fuair sé inspioráid a chuid oibre a thaispeáint sa mhonarcha fíodóireachta gan úsáid ina bhfuil Áras Éanna lonnaithe inniu.

Beidh an taispeántas is déanaí de chuid Mulcahy, dar teideal ‘Nowhere to Hide at Sea’, ar siúl go dtí an 31 Iúil. Beidh Mick freisin ag ceiliúradh a bhreithlá 70 bliain i mbliana.

“B’fhéidir nach mbeadh aon ionad ealaíon anseo ar Inis Oirr murach Mick Mulcahy,” a deir Dara McGee, Stiúrthóir Ealaíne Áras Éanna. “Thóg Mick an foirgneamh seo ar cíos breis is 25 bliain ó shin, monarcha fíodóireachta nach raibh in úsáid agus d’úsáid sé é mar stiúideo. Tháinig Mick ar ais go hInis Oirr an samhradh seo caite, le linn dúinne a bheith ag ceiliúradh 21 bliain ar an bhfód.

“Cruthaíodh ceangal iontach idir Mick agus an tIonad Ealaíon agus tháinig sé ar ais ar chónaitheacht míosa i mí Feabhra na bliana seo, ag réiteach don taispeántas seo agus do thaispeántas iardhearcach a bheidh ar siúl i mBaile Átha Cliath níos déanaí. Táimid an-sásta go mbeidh Mick anseo. Is carachtar lasrach, suimiúil é agus feictear é sin ina shaothar ealaíne.”

Ag an seoladh ar ‘Old Aran in Colour’ tráthnóna Dé Sathairn tabharfaidh Breslin agus Buckley píosa cainte faoin taispeántas agus beidh tionlacan ceoil ann don ócáid ón gcumadóir áitiúil Ó Conaola. Tá an taispeántas á chómhaoiniú ag Ciste Árann OÉ Gaillimh agus ag Ionad Ealaíon Áras Éanna.

“Tháinig an taispeántas seo chun cinn mar gheall ar chomhpháirtíocht a sheolamar anuraidh leis an Ollscoil i nGaillimh. Tá súil againn go bhfeicfidh muid go leor tionscadal idir an ollscoil agus Áras Éanna,” a deir McGee.

“Tá sé iontach dúinne, mar ionad beag ealaíon ar oileán beag, an chomhpháirtíocht seo a bheith againn le hOÉ Gaillimh. Is é seo ár gcéad thionscadal comhpháirtíochta leis an Ollscoil taobh amuigh den taispeántas iontach rathúil “Curacha” a chuireamar ar siúl san Ollscoil anuraidh”,

*Beidh taispeántas Michael Mulcahy á oscailt in Áras Éanna, Inis Oírr, ar an Aoine 8 Iúil ag 8i.n. agus beidh sé ar siúl go dtí an Domhnach 31 Iúil.

* Beidh an taispeántas ‘Pictiúir Daite d’Árann Ársa’ á oscailt taobh amuigh i gclós Áras Éanna ar an Satharn 9 Iúil agus beidh sé ar siúl go dtí an Aoine 30 Meán Fómhair.