Is í Brid an Aisteoir is Fearr in Éirinn

Is í Brid an Aisteoir is Fearr in Éirinn

Grianghraif le Cormac Coyne

le Ciarán Tierney

Bhuaigh Brid Ní Neachtain an duais don Aisteoir is Fearr in Éirinn as a ról mar Winnie i ‘Laethanta Sona’ anseo in Inis Oirr ag 23ú Gradaim Amharclann an Irish Times i mBaile Átha Cliath aréir.

Mar thoradh ar fhís iontach an léiritheoir Sarah Jane Scaife chun léiriú Gaeilge de ‘Happy Days’ le Samuel Beckett a chur ar stáitse amuigh faoin aer anseo ar Inis Oirr, bronnadh gradam don Aisteoir is Fearr in Éireann do Bhríd.

Is é seo an chéad uair riamh a bronnadh an gradam ar aisteoir i léiriúchán Gaeilge.

Bhí Bríd i láthair ag bronnta na ngradam in Áras Nua-Ealaíne na hÉireann i mBaile Átha Cliath aréir chun a gradam a bhailiú.

Léiríodh ‘Laethanta Sona’ ag dumha a tógadh go speisialta ag Craig an Staic, áit chiúin ag breathnú amach ar an Aigéan Atlantach agus Inis Meáin ar chúl Inis Oirr.

Léiríodh an chéad léiriú Gaeilge riamh de ‘Happy Days’ anseo ar an oileán i mí na Lúnasa agus Meán Fómhair an bhliain seo caite mar chuid d’Fhéile Idirnáisiúnta Ealaíon na Gaillimhe.

Bhí feidhmíocht fhisiciúil Brid mar Winnie dochreidte.

Cuairteoir rialta ar an oileán le blianta fada anuas, d’úsáid Sarah Jane cónaitheacht míosa in Áras Éanna níos luaithe an samhradh seo caite chun an paisean atá aici do shaothar Beckett agus Inis Oirr a thabhairt le chéile.

Bhí aimniúchán freisin ag Ger Clancy don Láithreán is Fearr.

Ina measc siúd a d’fhreastail ar na léirithe ag Craig an Staic bhí Uachtarán na hÉireann, Michael D. Higgins, a bhean Sabina, agus a iníon Alice Mary.

Chuir Judy Murphy (Connacht Tribune) síos ar fheidhmíocht Brid mar Winnie mar “a leithéid nach bhfaca an léirmheastóir seo ariamh”.

Aistrithe ag Micheal O Chongaile as Conamara, tharla an seó toisc go raibh am ag Scaife oibriú leis na haisteoirí agus na dearthóirí seit lasmuigh le linn cónaitheachta ceithre seachtaine anseo in Áras Éanna.