Is é seo an chéad taispeántas lása ar Inis Oírr, Oileáin Árann. Ar taispeáint freisin beidh dhá ghúna lása cróiseáilte seanré a fuarthas ar iasacht ó Lásadóirí traidisiúnta na hÉireann. Feicfidh tú ceardaíocht sa taispeántas seo de thraidisiún atá ann leis na céadta bliain. Tá gach ceann de na píosaí lámhdhéanta spreagtha ag cultúr, oidhreacht,...
Author: admin_aras
Seo Muidne!
Taispeántas Grianghafadóireachta Phobal Inis Oírr. Iarradh ar phobal Inis Oírr grianghraif amháin a sheoladh isteach mar chuid de Féile an Phobail l2024. Seoladh ós cionn 160 grianghraif de gach ghné den saol ar Inis Oírr tógtha ag an bpobal áitiúil. Ar taispeáint go dtí an 14 Bealtaine
Gloach Oscailte d’Ealaíontóirí i gContae na Gaillimhe
Tá ríméad ar Áras Éanna agus Oifig Ealaíon Chontae na Gaillimhe glao oscailte a fhógairt d’ealaíontóirí Chontae na Gaillimhe chun iarratas a dhéanamh ar chónaitheacht in Áras Éanna i Mí Bealtaine. Is é Áras Éanna an t-ionad ealaíon is faide siar san Eoraip, atá suite ar oileán beag Gaeltachta Inis Oírr i gCo na Gaillimhe. ...
Cuireadh chun Tairisceana le haghaidh Meastóireacht Sheachtrach Neamhspleách
Tá tairiscintí á lorg ag Áras Éanna ó dhaoine aonair nó ó eagraíochtaí a bhfuil na cáilíochtaí cuí acu chun meastóireacht sheachtrach neamhspleách a dhéanamh ar an gclár píolótach: AIR on the Edge – Clár Cónaitheachta Idirnáisiúnta d’Ealaíontóirí. Tuilleadh eolais anseo:https://aras-eanna.ie/wp-content/uploads/2023/10/External-Evaluator-Call-out.docx
Dúshlán nua do damhsóirí Julie agus Zina
le Ciarán Tierney Ba dhúshlán iomlán nua é aghaidh a thabhairt ar chónaitheacht ar oileán iargúlta Gaeltachta do bheirt dhamhsóirí, as Maigh Eo agus as an Eilvéis, nár oibrigh le chéile ach mar chuid de ghrúpa i bhfad níos mó i gcathair sa Ghearmáin. Ní raibh Julie McGovern agus...
‘AIR on the Edge’
Glaoch Oscailte: Is éard atá i gceist le ‘AIR on the Edge’ ná malartú cónaitheachtaí idirnáisiúnta ar feadh míosa d’ealaíontóirí, idir an Danmhairg, an Fhionlainn, Éire, an Ísiltír agus an tSeirbia. Díríonn an scéim ar fhorbairt ghairmiúil na n-ealaíontóirí, ag cur deiseanna ar fáil dóibh oibriú le pobail thuaithe agus nascadh le heagraíochtaí óstacha, pobail,...
Pictiúir Daite d’Árann Ársa
Bhí an méid suim ag cuairteoirí sa taispeántas seo anuraidh go bhfuil athais orainn é a bheith os comhair an phobail arís i mbliana. Taispeántas amuigh faoin aer de sheangriangraif daite den trí oileán a bheidh le feiceáil i gclós Áras Éanna, bunaithe ar an leabhar ‘Old Ireland in Colour’ le John Breslin agus Sarah-Anne...
Caomhnú an Plassey
Chaith Philip Jacobsen cuid dá óige ina chónaí ar Inis Oírr agus is minic a thug sé cuairt ar an oileán ó shin amach. Tá an-ghrá aige d’Inis Oírr. Tá meas mór ag Philip ar an oileán, ar an bpobal agus ar an tírdhreach uathúil. Tá an Plassey ina cuid thábhachtach den tírdhreach le níos...
Bullaí (Pocáin)
Iúil go Mean Fómhair 2023 Bullaí De bharr chomh maith agus a d’éirigh leis an taispeántas ‘Curracha’ de chuid Áras Éanna inar mhaisigh 21 ealaíontóir currach an duine, currachaí a cuireadh ar taispeáint ar fud an oileáin le linn srianta Covid i samhradh na bliana 2021, tá pleananna ag Áras Éanna taispeántas faoin aer a...