‘AIR on the Edge’

‘AIR on the Edge’

Glaoch Oscailte:

Is éard atá i gceist le ‘AIR on the Edge’ ná malartú cónaitheachtaí idirnáisiúnta ar feadh míosa d’ealaíontóirí, idir an Danmhairg, an Fhionlainn, Éire, an Ísiltír agus an tSeirbia. Díríonn an scéim ar fhorbairt ghairmiúil na n-ealaíontóirí, ag cur deiseanna ar fáil dóibh oibriú le pobail thuaithe agus nascadh le heagraíochtaí óstacha, pobail, dúlra, oidhreacht agus tírdhreacha cultúrtha i gcathracha agus áiteanna tuaithe éagsúla.

Tá gairmithe cruthaitheacha a chónaíonn nó a oibríonn i gContae na Gaillimhe  (Éire)  Fryslan (An Ísiltír), Novi Sad (An tSeirbia), Pirkanmaa (An Fhionlainn) nó Ringkøbing-Skjern (An Danmhairg) incháilithe agus fáilte rompu iarratas a dhéanamh ar cheann de na deich gcinn de chónaitheachtaí ealaíontóra a bheidh á mbronnadh. Bronnfar cónaitheacht ar dheichniúr ealaíontóirí, beirt as gach tír, agus cuirfear áit ar fáil do bheirt ealaíontóirí i ngach tír. Cuirfear spás stiúideo ealaíontóra, lóistín féin-fhreastail, táillí ealaíontóra agus costais taistil ar fáil do na healaíontóirí a n-éireoidh leo. Is é an spriocdháta d’iarratais ná an Aoine, 25 Lúnasa 2023 ag 5i.n. am Lár na hEorpa. Tá ‘AIR on the Edge’ á mhaoiniú faoi Scéim um Thionscnaimh Chónaitheachtaí Idirnáisiúnta Chomhairle Ealaíon na hÉireann.

Chun breis eolais a fháil agus chun iarratas a dhéanamh, téigh chuig https://www.aircultureup.com/.