Iúil go Mean Fómhair 2023
Bullaí
De bharr chomh maith agus a d’éirigh leis an taispeántas ‘Curracha’ de chuid Áras Éanna inar mhaisigh 21 ealaíontóir currach an duine, currachaí a cuireadh ar taispeáint ar fud an oileáin le linn srianta Covid i samhradh na bliana 2021, tá pleananna ag Áras Éanna taispeántas faoin aer a reáchtáil ar Inis Oírr chuile dara bliain.
Rinne iascairí Inis Oírr glanadh suas ar chósta an oileáin ag bailiú eangacha a tháinig i dtír chomh maith le boscaí éisc briste agus go leor baoithe mara. Tagadh ar an smaoineamh go bhféadfaí na baoithe seo a athúsáid mar phíosaí ealaíne.
Cuireadh de chúram ar scór ealaíontóirí, ealaíontóirí aitheanta, ealaíontóirí atá ag teacht chun cinn agus ealaíontóirí ó chúlraí éagsúla, na baoithe seo a mhaisiú agus socraíodh iad a bheith ar thaispeáint faoin aer i rith an tsamhraidh.
Is bealach iontach é seo le healaín a thaispeáint taobh le radharcanna álainne an oileáin.