Is é seo an chéad taispeántas lása ar Inis Oírr, Oileáin Árann. Ar taispeáint freisin beidh dhá ghúna lása cróiseáilte seanré a fuarthas ar iasacht ó Lásadóirí traidisiúnta na hÉireann.
Feicfidh tú ceardaíocht sa taispeántas seo de thraidisiún atá ann leis na céadta bliain. Tá gach ceann de na píosaí lámhdhéanta spreagtha ag cultúr, oidhreacht, tírdhreach, flóra agus fána na Gaillimhe, Chonamara agus Oileán Árainn. Don lása teastaíonn cleachtadh agus cruinneas, bíonn an toradh ina chruthú ar leith a léiríonn ealaín agus scil na lásadóirí.
Beidh dhá ghúna pósta seanaimseartha lása ar taispeáint freisin (ar iasacht ó Lásadóirí traidisiúnta na hÉireann, Corcaigh), snáitheanna ón am atá imithe fite le cinn na haimsire seo.
Sna 1730idí a cuireadh tús le ceird na lásadóireachta in Éirinn. Baineadh úsáid as chun gúnaí pósta, róbaí baiste agus éide eaglaise a mhaisiú, rud a thacaigh go mór le go leor teaghlach Éireannach ag an am. Is ceardaíocht fíneálta fíorsciliúil í agus in Éirinn tháinig go leor stíleanna sainiúla chun cinn. I measc na stíleanna éagsúla lása de chuid na hÉireann tá stíl Charraig Mhachaire Rois, na Buiríse, Chluain Eois, Luimnigh, Neidín, Eochaille agus Bobbin.
Tá an lása fíneálta ach fíormhaisiúil agus mar ghrúpa is mian linn ceird na lásadóireachta a roinnt, a chothú agus a spreagadh sa bpobal chun a chinntiú go leanfar ar aghaidh amach anseo le scileanna mar é.
Lásadóirí na Coiribe
Is mian le Lásadóirí na Coiribe oidhreacht na tíre a chaomhnú agus is cuid luachmhar dár n-oidhreacht í an lásadóireacht.
Tháinig Lásadóirí na Coiribe le chéile in 2018. Ar dtús thosaigh muid le cúigear ar feadh tréimhse 5 seachtaine ach tá an grúpa le chéile anois 7 mbliana.
Tá ocht nduine dhéag sa ngrúpa anois agus iad ar fad ag glacadh páirt sa taispeántas seo.
Tagann muid le chéile go seachtainiúil chun ceardaíocht na lásadóireachta a fhoghlaim, a chleachtadh agus a chothú i measc an phobail.
Beidh muid ar fáil in Áras Éanna chun an chaoi a ndéantar lása a thaispeáint agus a léiriú thar 3 seachtaine an taispeántais.