Gloach Oscailte d’Ealaíontóirí i gContae na Gaillimhe
Tá ríméad ar Áras Éanna agus Oifig Ealaíon Chontae na Gaillimhe glao oscailte a fhógairt d’ealaíontóirí Chontae na Gaillimhe chun iarratas a dhéanamh ar chónaitheacht in Áras Éanna i Mí Bealtaine.
Is é Áras Éanna an t-ionad ealaíon is faide siar san Eoraip, atá suite ar oileán beag Gaeltachta Inis Oírr i gCo na Gaillimhe. Tacaíonn an t-ionad le healaíontóirí trína chlár Ealaíontóirí Cónaithe. Cuirimid an t-am agus an spás ar fáil d’ealaíontóirí chun a gcleachtas a fhorbairt agus saothar nua a thaispeáint i dtimpeallacht uathúil an oileáin seo, a bhfuil daonra de bheagán ós cionn 300 duine ann.
Is í Comhairle Chontae na Gaillimhe an phríomhghníomhaireacht atá ag gabháil d’fhorbairt na n-ealaíon áitiúil i gContae na Gaillimhe. Tá an Oifig Ealaíon tiomanta do thacaíocht a thabhairt d’ealaíontóirí lena ngairm agus lena bhforbairt. Maoinímid deiseanna cónaitheachta mar seo ionas gur féidir le healaíontóirí am a chaitheamh ag smaoineamh, ag déanamh taighde nó ag cruthú.
Cé atá i dteideal iarratas a dhéanamh? Tá an chónaitheacht oscailte d’ealaíontóirí gairmiúla atá ina gcónaí i gContae na Gaillimhe ag gach céim dá ngairm, ag obair in aon fhoirm ealaíne agus comhthéacs. (Ní féidir le healaíontóirí atá ina gcónaí i gCathair na Gaillimhe iarratas a dhéanamh)
Céard atá san áireamh? Lóistín, ticéid farantóireachta fillte, spás stiúideo, rochtain ar áiseanna amharclainne agus gailearaithe agus táille ealaíontóra €2,000.
Cathain a bheidh an chónaitheacht? Dé Luain 06 – Dé Domhnaigh 26 Bealtaine 2024
Chun iarratas a dhéanamh seol na nith seo a leanas:
- C.V.
- Cur síos ar do thionscadal oibre beartaithe
- Samplaí oibre (Jpeg/links/MP3’s etc.) agus aon cháipéisíocht tacaíochta ábhartha eile.
Dáta deiridh d’iarratais: 5pm Dé Luain 22 Aibreán 2024
Is féidir ceisteanna faoi iarratais a sheoladh chuig eolas@aras-eanna.ie.