Caomhnú an Plassey

Caomhnú an Plassey

Chaith Philip Jacobsen cuid dá óige ina chónaí ar Inis Oírr agus is minic a thug sé cuairt ar an oileán ó shin amach. Tá an-ghrá aige d’Inis Oírr. Tá meas mór ag Philip ar an oileán, ar an bpobal agus ar an tírdhreach uathúil.

Tá an Plassey ina cuid thábhachtach den tírdhreach le níos mó ná leathchéad bliain. Thar an tréimhse seo chonaic Philip na hathruithe a tháinig ar an bPlassy agus í ag briseadh anuas de réir a chéile. Bhí sé ag iarraidh an long agus a chaomhnú i bhfoirm ealaíne. Ba mhinic le Philip píosaí briste di a phiocadh suas nuair a bhíodh sé amuigh ar siúl agus rith sé leis go bhféadfaí na píosaí meireagacha a úsáid mar canbhás. Chruthaigh Philip na píosaí uathúla aon uaire seo ag baint úsáide as píosaí den long bhriste a cuireadh ar fáil go nádúrtha le himeacht aimsire.

Meán Fómhair 2023