Tá an taispeántas de 21 curacha maisithe a ghlac samhlaíocht na gcuairteoirí ar Inis Oirr agus ar dhaoine áitiúla le dhá mhí anuas le taispeáint ar champas OÉ Gaillimh ón Aoine seo, 17ú Meán Fómhair. Cuimsíonn ‘Curacha’, ina bhfuil 21 ealaíontóir chun 21ú breithlá Áras Éanna a cheiliúradh, saothair leis an dealbhóir iomráiteach John Behan,...