Scannán gearr le Cormac Coyne, á thaispeáint ó Iúil go Meán Fómhair.
An ceol cumtha agus á sheinm ag Máirtín O’Connor
Is grianghrafadóir agus físghrafadóir é Cormac Coyne atá ina chónaí in Inis Oírr le fada agus tá an-suim aige gach cuid de shaol an oileáin a thaifeadadh. Choimisiúnaigh Áras Éanna é chun scannán gearr a dhéanamh a thabharfadh léiriú ar shaol níos ciúine an oileáin taobh amuigh den séasúr turasóireachta. I mí Mheán Fómhair 2025 chaith an boscadóir iomráiteach Máirtín O’Connor tréimhse míosa ar an oileán mar ealaíontóir cónaithe, bhuail sé féin agus Cormac le chéile agus is mar sin a thosaigh an bheirt ealaíontóirí iontacha seo ag obair ar an saothar seo. Is gearrscannán álainn é a léiríonn áilleacht an oileáin bheo seo, Inis Oírr, le fuaimeanna bríomhara phíosaí ceoil Mháirtín ar an gcairdín ag dul leis.
15 nóiméad ar fhad, ar lúb gach 30 nóiméad.
Ionad: An Dánlann, Áras Éanna
