Dhá thaispeántas a bhfuil dlúthcheangal acu le Inis Oirr
le Ciarán Tierney An deireadh seachtaine seo chugainn, in Áras Éanna, Ionad Ealaíon Inis Oirr, osclófar dhá thaispeántas a bhfuil dlúthcheangal acu le hOileáin Árann. Tráthnóna Dé hAoine (8i.n.), i ngailearaí ealaíne Áras Éanna, nochtfaidh Mick Mulcahy, duine de na healaíontóirí is cáiliúla in Éirinn, taispeántas iardhearcach dá shaothar – agus pictiúir nua óna chónaitheacht i mbliana ar Inis Oirr. An lá dár gcionn (Dé Sathairn, 9ú Iúil), seolfar ‘Pictiúir Daite d’Árann Ársa’ sa chlós taobh amuigh ag ócáid speisialta le léiriú ceoil ón gcumadóir áitiúil, MacDara Ó Conaola. De bharr an-tóir a bheith ar na leabhair ‘Old Ireland in...








